Íospartaigh an fhliú i 1918, saighdiúirí Meiriceánacha ón bhFórsa Sluaíochtain, san Ospidéal Champa Airm SAM, Uimhir 45, Aix-les-Bains.
Paindéim fliú[1] ollmhór, idir Feabhra 1918 agus Aibreán 1920, ab ea an Fliú Mór, nó an Fliú Spáinneach. Scaip an phaindéim ar fud an domhain agus fuair 17 milliún bás dá bharr ar a laghad, ach b'fhéidir i bhfad níos mó, agus níos mó ná a maraíodh sa gCéad Chogadh Mór óna thús go dtína dheireadh.[2]. Bhain an phaindéim sin craitheadh uafásach as an domhan.[3]
An víreas fliú A(H1N1) (fochineál nó sórt fliú) a bhí neamhghnách agus an-mharfach ar fad, ba chúis leis.
Ní fios, de réir easpa fianaise stairiúla agus eipidéimeolaíochta, tír thionscnaimh na paindéime i ndáiríre. Dúradh gur i gcampa airm a thosaigh sé sna Stáit Aontaithe – in áit a dtugtar Fort Riley, Kansas, air.[4]
Chruthaigh daoine eile ó shin go raibh sé tosaithe le tamall roimhe i gcampa airm in Etaples sa bhFrainc. Campa a bhí ansiúd a raibh 100,000 saighdiúir ag dul tríd chuile lá. Ach bhí teoiric eile ann gur as an tSín a scaip an Fliú Spáinneach go Meiriceá agus as sin go dtí an Fhrainc.
Ainmníodh é An Fliú Spáinneach mar gur tugadh níos mó poiblíochta dó sa Spáinn i dtús aimsire ná a tugadh i dtíortha eile. Ní raibh aon chinsireacht mhíleata sa Spáinn mar ní raibh an tír sa gcogadh.
American Red Cross Hospital, 36 Cearnóg Mhuirfean, BÁC sa bhliain 1918
Scríobh an t-eolaí Matt Hussey[5], "I bpaindéim 1918 fuair 25 milliún duine bás ar fud an domhain". "40 milliún" a scríobh Seosamh Ó Cuaig.[3] Ach b'fhéidir gur fuair idir 50 milliún agus 100 milliún daoine bás de bharr an galar[6]. Meastar go raibh an galar ag trian de dhaonra an domhain, sé sin 500 milliún daoine ag an am.
Aosaigh óga sláintiúla ba ea tromlach na n-íospartach, i gcomparáid agus i gcodarsnacht le ráigeanna fliú eile, nuair ba iad na daoine sna grúpaí ‘i mbaol' (ná daoine aosta agus mífholláin).
Eanáir 1919 - sochraid i mBéal Feirste, Private Joseph A. McCarthy, Nebraska. Bhí an-sochraid air is cosúil
D'éag níos mó ná 20,000 in Éirinn[7], 23,000 b'fhéidir[8]. I gcomparáid, sa bhliain 1916, mharaigh fliú agus na galair thógálacha go léir (cosúil leis an mbruitíneach, fiabhras dearg, triuch, diftéire srl) 2,092 duine[9].
Ina ráigeanna a tháinig an Fliú Mór in Éirinn– trí cinn acu[10]. Cathair Bhéal Feirste ba mheasa a bhí buailte ag an gcéad ráig a tháinig i ndeireadh an Earraigh 1918.[11][12][13][14]
Faoi Shamhain a tháinig an ráig ba mheasa. Bhí 40-50 curtha i reiligGhlas Naíon gach lá i mí na Samhna 1918[15],[16]. Bhí an ráta báis ó 20/1000 i mBéal Feirste go 50/1000 i lár Bhaile Átha Cliath.
iontrálacha, ospidéal South Beach, Washington, 1918Bohumil Kubišta, péintéir Seiceach, (Samhain 27, 1918)
Hans E. Lau, réalteolaí Danmhairgeach, (Deireadh Fómhair 16, 1918) aisteoir ar an ardán agus i scannáin, fear céile an bhan-aisteora Constance Collier (Deireadh Fómhair 22, 1918)
Harold Lockwood, aistreoir Meiriceánach, (Deireadh Fómhair 19, 1918)
Provincial Board of Health, Alberta, 1918Egon Schiele, péintéir Ostarach (Deireadh Fómhair 31, 1918, Vín). D'éag a bhean chéile Edith, a bhí ag iompar ar feadh sé mhí, trí lá roimhe sin.
↑Fuair naoi milliún saighdiúir bás i machaire an áir, agus d'éag na milliúin sibhialtach chomh maith. Ó thosaigh an Cogadh, fuair níos mó ná 16 mhilliún bás, lena n-áirítear tuairim agus 7 milliún sibhialtach
↑Johnson N.P., Mueller J. « Updating the accounts: global mortality of the 1918-1920 “Spanish” influenza pandemic. », Bull Hist Med., printemps 2002, 76(1), p. 105-15. pmid:11875246
↑S Ó Tuairisg; Cormac O Breisleáin (1972-08-22). "Agallamh le Cormac Ó Breisleáin (22/08/1972)" (as ga) Luann Ó Breisleáin gur bhásaigh na céadta i gceantar Ghaoth Dobhair ón bhfliú mór a bhí ann i ndiaidh dheireadh an Chogaidh Mhóir. I roinnt cásanna fuair níos mó ná duine amháin as an teaghlach céanna bás..Curtha i gcartlann 2020-11-16 ar an Wayback Machine