Impireacht na gCairilínseach
Appearance
(Athsheolta ó Impireacht na gCairlínseach)
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d9/Empire_carolingien_768-811.jpg/300px-Empire_carolingien_768-811.jpg)
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/23/Franks_expansion.gif/300px-Franks_expansion.gif)
Is téarma staireagrafaíoch Impireacht na gCairilínseach (800-888) a úsáidtear chun tagairt a dhéanamh ar réimse na bhFranc mar a bhí agus ríshliocht na gCairilínseach i réim sa Mheán-Aois Luath.
Feictear ar an ríshliocht seo mar bhunaitheoirí na Fraince agus na Gearmáine, agus gur thosaigh an tréimhse nuair a chorónaigh Charlemagne, nó Séarlas Mór, ina impire agus gur chríochnaigh sé nuair a fuair Séarlas Ramhar bás.
De réir thuairim an duine, is féidir an téarma seo a mheas mar an stair is déanaí de chuid Réimse na bhFranc nó luath-stair na Fraince agus na hImpireachta Naofa Rómhánaí.