Staid damhna
Appearance
(Athsheolta ó Staideanna an Damhna)
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/de/Four_Fundamental_States_of_Matter.png/370px-Four_Fundamental_States_of_Matter.png)
San fhisic, tá staid damhna ar cheann de na foirmeacha ar leith inar féidir damhna a bheith ann. Tá ceithre staid damhna le feiceáil sa saol laethúil: soladach, leachtach, gásach agus plasmach. Is eol go bhfuil go leor staideanna idirmheánacha ann, mar shampla criostail leachtach, agus staideanna eile nach dtarlaíonn ach faoi choinníollacha as cuimse, mar shampla comhdhlútháin Bose-Einstein (staid an-fhuar), damhna meathlaithe neodrón (staid ard-dlúis), agus plasma cuarc-glúón (staid ardfhuinnimh).