Acht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023
Cineál | Public General Act of the Parliament of the United Kingdom (en) |
---|---|
Tír | an Ríocht Aontaithe |
Teanga | Béarla |
Obair iomlán | Téacs iomlán |
Is éard atá i gceist le Acht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023[1] ná dlí na Ríochta Aontaithe chun stop a chur le fiosruithe agus cosc ar ionchoisní is cásanna sibhialta faoi eachtraí le linn na dTrioblóidí.[2] Faoin Acht Oidhreachta, ceadaítear díolúintí coinníollacha ó ionchúiseamh a bhronnadh ar dhaoine a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad coir le linn na dTrioblóidí.
Cuirtear cosc sa reachtaíocht chomh maith ar fhiosrúcháin agus ar chaingne sibhialta a thabhairt i leith coireanna a rinneadh le linn na dTrioblóidí.
D’eascair an reacht as geallúint Boris Johnson do lucht feachtais thar ceann iarshaighdiúirí go mbeidís saor ó chúisimh agus theip ar a chomharba, Rishi Sunak, a dhul i ngleic leis an éagóir sin.[2]
Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tharraing an tAcht conspóid. Mhaígh Rialtas na Breataine gur chloígh an t-acht le cearta an duine. Ina theannta sin, dhiúltaigh rialtas na Breataine an tAcht a mhaolú nó a chealú d’ainneoin páirtithe uile Thuaisceart Éireann, rialtas na hÉireann, íobartaigh agus iliomad eagraíochtaí cearta daonna a bheith ina choinne.[2]
Tugadh dúshlán na reachtaíochta sna cúirteanna ar chúiseanna éagsúla, an díolúine ó ionchúiseamh go háirithe. Mhaígh an dream a bhí ina choinne gur sháraigh sé Alt 2 agus Alt 3 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
Chinn Rialtas na hÉireann in 2023 dúshlán an Achta a thabhairt sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.
Ar an 28 Feabhra 2024, rialaigh an Ard-Chúirt go sáraíonn cuid den Acht Oidhreachta an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.[3][4][5] Dúirt an Breitheamh Colton san Ard-Chúirt i mBéal Feirste go mbeadh sé “mídhleathach” ag Rialtas na Breataine díolúintí ó ionchúiseamh a thabhairt do dhaoine maidir le coireanna a rinneadh le linn na dtrioblóidí. Chinn an Breitheamh chomh maith go raibh sé lochtach ó thaobh an dlí cosc a chur ar chúiteamh a íoc le fir as an éagóir a rinneadh orthu nuair a cúisíodh iad as éalú ó bheith faoi choimeád go dleathach sna 1970idí. Dúirt sé nach raibh “fianaise ar bith” ann go gcuirfeadh bronnadh díolúintí ó ionchúiseamh leis an athmhuintearas i dTuaisceart Éireann.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine
- An Fóram um Shíocháin agus Athmhuintearas, 1994
- Military Reaction Force, Domhain-cheastóireacht, Domhnach na Fola (1972)
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Northern Ireland Troubles (Legacy and Reconciliation) Act 2023, nó "Northern Ireland Troubles Act" nó "Legacy Act"
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Póilín Ní Chiaráin (13 Feabhra 2024). "Tá claontacht na dTóraithe ag cur Comhaontú Aoine an Chéasta as a riocht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-28.
- ↑ "Reachtaíocht Rialtas na Breataine faoi eachtraí na dTrioblóidí ‘mídhleathach’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-28). Dáta rochtana: 2024-02-28.
- ↑ reuters.com (23 Feabhra 2024). "UK's Northern Ireland amnesty law in breach of human rights, court rules". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "NI Troubles: Legacy Act immunity clause 'breaches' human rights" (en-GB) (2024-02-28). Dáta rochtana: 2024-02-29.