Adetokunbo Ademola
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Feabhra 1906 Abeokuta, An Nigéir ![]() |
Bás | 29 Eanáir 1993 86 bliana d'aois Lagos, An Nigéir ![]() |
Chief Justice of Nigeria (en) ![]() | |
1958 – 1972 | |
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe | |
![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Selwyn King's College, Lagos (en) ![]() St Gregory's College, Lagos (en) ![]() ![]() |
Teanga dhúchais | an Iarúibis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | breitheamh, dlíodóir ![]() |
Teangacha | Béarla, an Iarúibis agus Pidsean na Nigéire |
Teaghlach | |
Céile | Kofoworola Ademola ![]() |
Siblín | Omo-Oba Adenrele Ademola |
Gradam a fuarthas
|
Dara Príomh-Bhreitheamh na Nigéire, agus prionsa Egbach, ab ea "Ọmọba"[1] An Ridire Adetokunbo Ademola (1 Feabhra 1906 – 29 Eanáir 1993).[2]
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Mac le Ademola II, Alake Thír na nEgbach in Abeokuta, cathair in iardheisceart na Nigéire, ab ea é. Mar sin, ba phrionsa de chuid na nIarúbach é.[3]
Rinne Ademola staidéar ar an dlí i gColáiste Selwyn, Cambridge. Glaodh chun an Bharra air ag an Teampall Láir, Londain sa bhliain 1934.
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f1/Statue_of_justice.jpg/220px-Statue_of_justice.jpg)
Tar éis dó bheith ag obair mar státseirbhíseach agus giúistís, le briseadh ag cleachtadh go príobháideach (1936-39), ceapadh Ademola ina bhreitheamh sa bhliain 1949.
Rinneadh Príomh-Bhreitheamh Iarthar na Nigéire de sa bhliain 1955 agus Príomh-Bhreitheamh na tíre ar fad trí bliana dár gcionn, 1958. Agus Ademola ina Phríomh-Bhreitheamh, bhí ról ríthábhachtach aige maidir leis an Nigéir a choimeád le chéile le linn na tréimhse an-chorrach, an Cogadh Cathartha, ag deireadh na 1960idí agus tús na 1970idí. Bhí de chlú air gur fear céillí, críonna é, agus ionraic chomh maith.[2]
In éineacht leis An Dochtúir Teslin Olawale Elias, a bhí ina Phríomh-Bhreitheamh ina dhiaidh, bhí páirt mhór aige agus Scoil Dlí na Nigéire á cur ar bun.[3]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Oba (ruler)" (as en) (2022-01-24). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 Peters Ifeoma (2017-07-20). "Fallen Legal Heroes - Sir Adetokunbo Ademola - DNL Legal and Style" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-01-29. Dáta rochtana: 2022-01-29.
- ↑ 3.0 3.1 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Adetokunbo Ademola" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2022-01-29.