Jump to content

An Dún Thuaidh (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Dún Thuaidh

Suíomh
Map
 54°38′02″N 5°41′24″W / 54.6339°N 5.69°W / 54.6339; -5.69
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla115.45 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú23 Feabhra 1950

Is toghcheantar parlaiminte i dTithe na Parlaiminte sa Ríocht Aontaithe é an Dún Thuaidh.[1]

Ar bhruach theas Loch Lao síneann an toghcheantar soir ó imeall Bhéal Feirste, thar Ard Mhic Nasca agus Beannchar go Domhnach Daoi agus Oileán an Mhuilinn i leithinis na hArda. Tá cuid de na comharsanachtaí is saibhre i dTuaisceart Éireann ann, ‘an cósta órga’, maille le ceantair bhochta. Ceantar aontachtach is ea é a thogh ionadaithe neamh-pháirtí de chúlra aontachtach go minic.[2]

Stephen Farry

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Sylvia Hermon mar Fheisire ó toghadh í sa bhliain 2001, ach roghnaigh sí gan dul san iomaíocht sa bhliain 2019.

Is é Stephen Farry ó Pháirtí na Comhghuaillíochta an Feisire reatha. Toghadh Farry chuig an bpost in olltoghchán 2019, in ionad Sylvia Hermon. Ba é Stephen Farry an chéad fheisire a toghadh ansin nach raibh lipéad aontachtach d’aon chineál air. Sheas na páirtithe eile a bhí in aghaidh an Bhreatimeachta – an Comhaontas Glas, Sinn Féin agus an SDLP i leataobh chun deis a thabhairt do Farry in aghaidh an DUP. Bhí an vóta aontachtach scoilte DUP, UUP agus iarrthóir Caomhach san iomaíocht. Bhí suas le 5,000 vóta ag an UUP in 2019.

Bhí seisear san iomaíocht in 2024; bhí Alex Easton ag seasamh mar aontachtach neamhspleách. Fuair sé tacaíocht ón TUV agus ón DUP (a sheas i leataobh le súil go mbainfí an suíochán ar ais). Sheas Sinn Féin i leataobh i bhfabhar Farry ach bhí iarrthóirí ag Comhaontas Glas, Barry McKee agus ag SDLP, Deirdre Vaughan, chomh maith le neamhspleách Chris Carter. Ina theannta sin bhí an UUP san iomaíocht – ‘réalta mhíleata’ an t-iarchoirnéal iomráiteach Tim Collins.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ciarán Lenoach (2019-12-12). "Tromlach glan ag na Tóraithe - bua rábach" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 Póilín Ní Chiaráin (16 Meitheamh 2024). "Dúshlán á thabhairt d’fheisirí parlaiminte chontae an Dúin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-16.