Is é Asheville príomhbhaile Contae Buncombe, Carolina Thuaidh. Is í an chathair is mó in Iarthar Carolina Thuaidh, agus an 11ú cathair is mó i Carolina Thuaidh. Ba é daonra na cathrach ná 83,393 de réir daonáireamh na Stát Aontaithe 2010. Is í an phríomhchathair i gceantar cathrach ceithre chontae Asheville, le daonra de 424,858 in 2010. Tá Asheville ina bhaile d’Ionad Náisiúnta Sonraí Aeráide na Stát Aontaithe (NCDC), an chartlann ghníomhach sonraí aimsire is mó ar domhan.
Bhí an talamh ina bhfuil Asheville faoi láthair mar chuid den Cherokee Nation go dtí gur tháinig an taiscéalaí Spáinneach de Soto go dtí an ceantar i lár na 1500idí. Thosaigh baile Asheville i 1784 nuair a shocraigh an Coirnéal Samuel Davidson sa cheantar. I 1790 chomhaireamh Daonáireamh na SA 1,000 duine sa réimse seo nach raibh Meiriceánaigh Dhúchasacha san áireamh. Tháinig Buncombe ina chontae oifigiúil i 1792 agus ainmníodh cathair an chontae mar “Baile Mhuiris” i 1793 agus athainmníodh “Asheville” i ndiaidh Ghobharnóir Carolina Thuaidh Samuel Ashe.[1]
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.