Athrú aeráide in Éirinn
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/29/Temperature_Bar_Chart_Europe-Ireland--1901-2020--2021-07-13.png/220px-Temperature_Bar_Chart_Europe-Ireland--1901-2020--2021-07-13.png)
Tá leibhéil an CO2 san atmaisféar chomh maith leis na harduithe sna meánteochtaí domhanda níos airde anois ná am ar bith le 650,000 bliain. Tá athruithe móra i ndán dá bharr, in Éirinn agus thar lear, do chúrsaí oibre, taistil, tomhaltais, seirbhísí agus dramhaíola.[2][3][4]
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/74/Ireland_greenhouse_gas_emissions_by_sector.svg/220px-Ireland_greenhouse_gas_emissions_by_sector.svg.png)
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e6/Ireland_per_capita_greenhouse_gas_emissions_versus_world.svg/220px-Ireland_per_capita_greenhouse_gas_emissions_versus_world.svg.png)
Athrú aeráide : na figiúirí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Léiríonn na figiúirí ó Met Éireann don tréimhse 1961-2020 go bhfuil Éire ag éirí níos teo, agus go bhfuil níos mó báistí ann. Agus beidh cúinsí neamhghnácha aimsire ann níos minice – bíodh sin teas mór, báisteach throm nó gálaí gaoithe.[5][6]
Idir 1991-2020 ar an meán, ba é teocht an aeir in Éirinn ná 9.8°C agus na ceantair cois cósta níos teo ná talamh crochta. Sin le rá gur 0.7 céim Celsius d’ardú a tháinig ar an meánteocht in Éirinn ón tréimhse 1961-1990.[5]
An áit a bhfuil teas beidh gal agus ní haon iontas mar sin gur tuilleadh fliuchrais a thagann leis an téamh. Ar an meán thit 7% níos mó báistí ná mar a bhí in Éirinn ó 1961-1990, agus an t-ardú is mó san iarthar agus sa tuaisceart. Mí Iúil is suntasaí a bhí an t-athrú sin ar an meánmhéid báistí mar ar tháinig ardú 22% ar bháisteach na míosa sin.[6]
Plean Aeráide an Rialtais[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'fhoilsigh an Rialtas in Éirinn plean amháin sa bhliain 2017 agus ansin plean eile sa bhliain 2021, 'Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide'.[7][8][9] Faoi Phlean 2021, bhí sé mar aidhm ag an Rialtas astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 51% faoin mbliain 2030.
Cuireadh go láidir i gcoinne an phlean seo sa bhliain 2022.[10] Bhí easaontas mór idir páirtithe an Rialtais faoi cén sprioc ba cheart a bheith ann d’fheirmeoirí.[11] Dúradh sa phlean ar dtús go gcaithfeadh feirmeoirí a gcuid astuithe a laghdú idir '22-30%' sna 'blianta' atá romhainn. Ach sprioc neamhbheacht a bhí ann ag an am.[12] I mí Iúil 2022, bhí sé socraithe ag an Rialtas laghdú 25% a lorg ar astaíochtaí carbóin san earnáil talmhaíochta faoin mbliain 2030, comhghéilleadh idir costas agus astaíochtaí.[13]
Fógraíodh beartais éagsúla in Éirinn le feirmeoirí a spreagadh a gcuid talún á úsáid ar bhealaí nua (polasaithe na láimhe dofheicthe). Ach thar lear, i gcodarsnacht leis sin, tugadh bearta sriantacha isteach, mar shampla cuótaí ciondála san Ísiltír[14][15] agus sa Bheilg.[16]
Gníomhartha[cuir in eagar | athraigh foinse]
I mí an Mheithimh 2022, bhí sé tugtha le fios ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Éire (GCC) go gcaithfear pleananna agus polasaithe aeráide uile na hÉireann a chur i bhfeidhm go pras má tá Éire a spriocanna maidir le hastaíochtaí gás a bhaint amach. Dúirt an GCC go bhfuil bearna ollmhór idir uaillmhian agus ghníomh,[17] ainneoin an aidhm astaíochtaí a laghdú 51% a bheith ina ceangal docht dlí. Má leantar den tsiléigeacht, ní bheidh bainte amach faoin mbliain 2030 ach laghdú 28%.
Tarraingítear aird ar an earnáil talmhaíochta thar aon earnáil eile sa tuarascáil de chuid an GCC ós í atá freagrach as an gcuid mó d'astaíochtaí. Deirtear go gcaithfidh feirmeoirí agus táirgeoirí eile na hearnála talmhaíochta i bhfad níos mó a dhéanamh le hastaíochtaí meatáin agus gás ceaptha teasa eile a laghdú.
Cuntas teiste[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí sé ráite ag an nGCC sa bhliain 2017 go raibh ag teip ar pholasaithe an rialtais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus go dteastaíonn beartais nua, le go mbeidh an tír seo in ann laghdú a chur ar an truailliú.[18] Ní raibh ach 20% den sprioc a bhí socruithe ag an rialtas bainte amach faoin mbliain 2020 (roimh Covid).
2020-2021[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tháinig laghdú ar astaíochtaí le linn na paindéime Covid-19 mar go raibh gnóthais dúnta agus go raibh daoine ag fanacht sa bhaile nó gar do bhaile. Tháinig deireadh leis sin sa bhliain 2021/2022 agus thosaigh ag dul sa treo mícheart arís.[2]
- Féach freisin :Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, Iúil 2021
2022[cuir in eagar | athraigh foinse]
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/df/Ireland_v_EU-27_v_World_per_capita_CO2_emissions.svg/220px-Ireland_v_EU-27_v_World_per_capita_CO2_emissions.svg.png)
I bPáirc an Fhionnuisce, cláraíodh an teocht is airde i mBaile Átha Cliath riamh, 33.0 céim Celsius, ar 18 Iúil 2022 ( 20.1°C ar an meán 1981-2010).[20]
- Féach freisin: Tonn teasa san Eoraip, Iúil 2022
De réir fhigiúirí foilsithe ag an nGCC i mí Iúil 2022, bhí an sceitheadh gáis in Éirinn 5% níos airde sa bhliain 2021 [21]i gcomparáid le 2020, agus 1̬% in aghaidh 2019.[22][23]
De réir an GCC, bhí "trí oiread" guail agus ola á dó le leictreachas a ghineadh agus bhí baint mhór aige sin leis an ardú ar astaíochtaí. 18% d’ardú a tháinig ar leibhéal na ngásanna á sceitheadh as earnáil an ghinte leictreachais.
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/cd/Wcmax1_JUL_14_-_AUG_3_2019_cr.png/220px-Wcmax1_JUL_14_-_AUG_3_2019_cr.png)
Tháinig 3% d’ardú ar an sceitheadh de bharr na feirmeoireachta, - ardú an dara bliain as a chéile. Scaipeadh 6% sa mbreis leasú saorga le linn an ama sin agus cuireadh 3% sa mbreis le líon na mbeithígh bhainne in Éirinn. Tháinig méadú tagtha ar líon na mbeithíoch sin gach bliain... le 11 bliain anuas.[23]
- Féach freisin : Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, 2022
2023[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'fhoilsigh an GCC tuarascáil ar 2 Meitheamh 2023,[24][25] a léirigh
- Nach mbainfear amach an laghdú 51% ar ár n-astaíocht charbóin faoi 2030 atá mar sprioc reachtúil ag an rialtas.
- Nach mbainfear amach ach oiread an laghdú 42% ar astaíocht atá mar sprioc éigeantach ag an Aontas Eorpach.
- Nach mbainfear amach ach laghdú 29% de réir na straitéise atá i bhfeidhm.
- Nach mbeidh aon dul as againn i gceann seacht mbliana, mura n-athraíonn lagchomhlíonadh Phlean Aeráide an rialtais, ach liúntais astaíochta a cheannach ó bhallstáit eile an AE.
- Nach bhfuil ag éirí leis an stát an nasc idir fás eacnamaíochta agus astaíocht a bhriseadh.[26]
Dúirt an GCC go gcaithfidh gach earnáil laghdú cuimsitheach a dhéanamh go tapa.[25]
Sa bhliain 2022, bhí 'moratóir' curtha ag Eirgid ar ionaid nua sonraí i limistéar Bhaile Átha Cliath.[27] Ach níor chuir Rialtas na hÉireann moratóir i bhfeidhm; mar sin, in 2023, bhí sé dearbhaithe ag TikTok gur i mBaile Átha Cliath a bhunós siad a ndara hionad sonraí.[28]
Cláraíodh an teocht is airde riamh in Éirinn le linn mhí an Mheithimh, 28.8C ar 13 Meitheamh 2023, ag Stáisiún Pháirc na Darach i gCo Cheatharlach.[29][30]
De réir tuarascála in 2023, bhí spriocanna ag an Rialtas nach féidir leis a bhaint amach. Léirígh an taighde a rinne KPMG thar ceann Wind Energy Ireland gur cheap lucht na hearnála gurbh moill sa bpróiseas pleanála; mí-eagar i bhforbairt polasaí; agus easpa inniúlachta an ghréasáin leictreachais na cúiseanna is mó nach n-aimseofar an sprioc.[31]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, 2023
- Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, 2022
- Tonnta teasa san Eoraip, 2022
- Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, Iúil 2021
- Athrú aeráide sna Stáit Aontaithe
- Athrú aeráide sa tSín
- Aeráid na hÉireann
- Polaitíocht na hathrú aeráide in Éirinn
- Teagmhais aimsire in Éirinn
- Athrú aeráide
- Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire)
- Comhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide (Éire)
- Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- GCC (Meitheamh 2023) , "Ireland’s Greenhouse Gas Emission Projections",[24]
- .EPA (Iúil 2023). "Ireland’s Provisional Greenhouse Gas Emissions". Dáta rochtana: 21 Iúil 2023..[32]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "#ShowYourStripes (University of Reading, eolaí Ed Hawkins:)". web.archive.org (2022-02-20). Dáta rochtana: 2022-08-23.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2022-06-01). "Laghdú astaíochtaí in Éirinn: briathar = 51%, beart = 28%" (as ga).
- ↑ an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (2020). "Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ An Roinn Sláinte (2019). "Sláinte, Plean Oiriúnaithe Earnála don Athrú Aeráide, 2019-2024". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ 5.0 5.1 "Tír níos teo agus níos fliche againn le 30 bliain anuas – Met Éireann" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-07-20). Dáta rochtana: 2023-07-21.
- ↑ 6.0 6.1 Met Éireann (Meitheamh 2023). "Ireland's Climate Averages 1991-2020". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-07-21. Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Rialtas na hÉireann (2021). "An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 - Ár dTodhchaí a Dhaingniú" (ga-IE). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2022-07-29.
- ↑ "Climate Action Plan 2021 - Securing Our Future" (en). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2022-06-01.
- ↑ ADHMHAIDIN (17 MEITHEAMH 19). "John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent." (ga). RTE Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2022-07-25.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-07-24). "Teannas sna cainteanna faoi thruailliú carbóin" (as ga).
- ↑ "Laghdú 25% ar astaíochtaí carbóin an sprioc nua d’fheirmeoirí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-11-01). "'Is léir don domhan anois go bhfuil gá le beart fónta'-Taoiseach" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-07-28). "An rialtas le laghdú 25% a lorg ar astaíochtaí ó thalmhaíocht" (as ga).
- ↑ "Netherlands announces €25bn plan to radically reduce livestock numbers" (en). the Guardian (2021-12-15). Dáta rochtana: 2022-07-29.
- ↑ tweedekamer.nl (2021). "Omzien naar elkaar, vooruitkijken naarde toekomst". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "Flanders acts on nitrogen pollution | Airclim". www.airclim.org. Dáta rochtana: 2022-07-29.
- ↑ gníomh a chur leis an bhfocal, nó beart a dhéanamh de réir do bhriathair
- ↑ Nuacht RTÉ (2017-04-13). "'Teipthe ar pholasaí an rialtais i leith an chomhshaol' - EPA" (as ga).
- ↑ Hannah Ritchie, Max Roser, Pablo Rosado (2020-05-11). "CO₂ and Greenhouse Gas Emissions". Our World in Data.
- ↑ "2022: Provisionally Ireland’s Warmest Year on Record - Met Éireann - The Irish Meteorological Service". www.met.ie. Dáta rochtana: 2023-07-18.
- ↑ 61.5 milliún thona Mt CO2eq
- ↑ GCC (21 Iúil 2022). "Ireland’s Provisional Greenhouse Gas Emissions, 1990-2021". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 Iúil 2022. Dáta rochtana: 22 Iúil 2022.
- ↑ 23.0 23.1 Nuacht RTÉ (2022-07-21). "5% d'astú sa mbreis ar ghásanna ceaptha teasa" (as ga-IE).
- ↑ 24.0 24.1 epa.ie (Meitheamh 2023). "Ireland’s Greenhouse Gas Emission Projections". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ 25.0 25.1 Nuacht RTÉ (2023-06-02). "EPA ag rá nach mbainfear amach spriocanna aeráide" (as ga-IE).
- ↑ Cathal Mac Coille (3 Meitheamh 2023). "Ní léir go bhfuilimid toilteanach dáiríre aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-03.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-05-03). "Méadú 32% ar an méid aibhléise a chaith ionaid sonraí anuraidh" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ / Ciarán Lenoach (2023-03-08). "TikTok ag féachaint le húsáideoirí a chur ar a suaimhneas" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTE (2023-06-30). ""An Meitheamh ba theo riamh ar na taifid"" (as ga-IE).
- ↑ Reporter. "REVEALED: Hottest temperature of 2023 recorded in CARLOW, Met Éireann confirm" (en). www.carlowlive.ie. Dáta rochtana: 2023-06-30.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-12-04). ""Teipfidh orainn an sprioc leictreachais in-athnuaite a aimsiú"" (as ga).
- ↑ EPA (Iúil 2023). "Ireland’s Provisional Greenhouse Gas Emissions". Dáta rochtana: 21 Iúil 2023.