Baccalauréat (scannán Cristian Mungiu)
Bacalaureat ![]() | |
---|---|
Buneolas | |
Stiúrthóir | Cristian Mungiu ![]() |
Príomhcharachtair | |
Script | Cristian Mungiu ![]() |
Dáileoir | BiM Distribuzione ![]() |
Mionsonraí | |
Tír bhunaidh | an Rómáin, an Fhrainc agus an Bheilg ![]() |
Céadléiriú | 2016 ![]() |
Fad ama | 128 min ![]() |
Bunteanga | an Rómáinis ![]() |
Dath | daite ![]() |
Cur síos | |
Seánra | scannán drámaíochta ![]() |
Rátáil MPAA | R ![]() |
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán | |
Ainmnithe do | European Film Award for Best Director (en) ![]() European Film Award for Best Screenwriter (en) ![]() European Film Award – People's Choice Award for Best European Film (en) ![]() European University Film Award (en) ![]() ![]() |
Suíomh gréasáin oifigiúil | bacalaureat2016.com ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/39/Cannes_2016_34.jpg/220px-Cannes_2016_34.jpg)
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/5a/Cannes_2016_38.jpg/220px-Cannes_2016_38.jpg)
Is scannán de chuid na Rómáine, le Cristian Mungiu, é 'Baccalauréat' (an Ardteistiméireacht), nó 'Graduation'. Bhí saothar Cristian Mungiu ar cheann de na scannáin is mó a bhí molta ag na léirmheastóirí ag Féile Cannes 2016. Bhí ainm na Rómáine in airde maidir le cúrsaí scannánaíochta sna 2010idí, a bhuí le Cristian Mungiu.[1]
Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]
Agus í ar tí scrúdú tábhachtach a sheasamh, déantar ionsaí fíochmhar ar mhac léinn cumasach, rud a fhágann go bhfuil baol ann nach bhfaighidh sí an deis scoláireacht a fháil chuig ollscoil aitheanta. Tograíonn a hathair, ar dochtúir é, a ladhar a chur sa scéal.
Tugtar léargas sa scannán dúinn ar dhearcadh agus ar chinntí morálta an athar ach tá léargas chomh maith ann ar náisiún a bhfuil an chneámhaireacht agus an chaimiléireacht ina chroílár.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ clubscannan.ie (2018). "Graduation" (ga-ie). Club Scannán Sailearna. Dáta rochtana: 2021-07-26.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() | Is síol a bhaineann le scannáin nó scannánaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |