Jump to content

Budawanny

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinBudawanny
Buneolas
StiúrthóirBob Quinn Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Céadléiriú1986 Cuir in eagar ar Wikidata


Scannán is ea Budawanny a rinne Bob Quinn sa bhliain 1986. Galldú ar an bhfrása Gaeilge "bod an mhanaigh" is ea teideal an scannáin. Is é is ábhar don scannán ná sagart a ghineann páiste agus an teannas a éiríonn idir é agus a easpag.

Suitear an scannán ar oileán amach ó chósta Chonamara. Tá sé bunaithe ar an leabhar Súil le Breith le Pádraig Standún.

Scannán ciúin is ea é, taobh amuigh de na radhairc leis an easpag, atá i mBéarla.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]