Jump to content

Córas díleáite

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtCóras díleáite
Sonraí
Laidinsystema digestorium
Cuid decorp an duine
Aitheantóirí
MeSHD004064
TAA05.0.00.000
THH3.04
FMA7152 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/human-digestive-system
Téarmaíocht anatamaíoch

Tá go leor céimeanna sa chóras díleáite sa duine daonna. Tosaíonn an chéad cheann acu sa bhéal (an cuas béil). Is éard a dhéanann sé ná bia a bhriseadh síos ina chomhpháirteanna a bhfuil an corp in ann iad a ionsú agus a úsáid. Cabhraíonn seile a shiltear chun bólas a chruthú a shlogtar san éasafagas agus a thugtar go dtí an mbolg.

Tá einsím chatalaíoch i seile ar a dtugtar amaláis. Cabhraíonn cogaint bhia agus crapadh matánach an imfháscaidh leis an díleá freisin. Tá súlach gastrach sa bholg riachtanach don díleá is do chruthú an réama sa bholg.

Tarlaíonn an chuid is mó den díleá sa stéig bheag. Déantar uisce agus roinnt mianraí a athionsú ar ais isteach san fhuil, sa drólann agus sa stéig mhór. Déantar fuíolltáirgí an díleáite a chur amach ón anas tríd an reicteam.