Cath an Alamo (1836)
| ||||
Cineál | cath léigear ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Texas revolución (en) ![]() ![]() | |||
Tréimhse | 23 Feabhra - 6 Márta 1836 | |||
Dáta na bliana | 6 Márta 1836 ![]() | |||
Suíomh | San Antonio, Texas, Texas Misean Alamo, Texas ![]() ![]() ![]() | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá ![]() | |||
Rannpháirtí | ||||
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/ce/Brief_history_of_Texas_from_its_earliest_settlement_to_which_is_appended_the_constitution_of_the_state_%281873%29_%2814784281485%29.jpg/220px-Brief_history_of_Texas_from_its_earliest_settlement_to_which_is_appended_the_constitution_of_the_state_%281873%29_%2814784281485%29.jpg)
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/67/The_Alamo_%284763454756%29.jpg/220px-The_Alamo_%284763454756%29.jpg)
Ar 23 Feabhra 1836, thosaigh Cath an Alamo, nuair a d'ionsaigh fórsaí ó Mheicsiceo na reibiliúnaigh san Alamo. Dúnfort ab ea an 'Misean'[1] Alamo, a tógadh na Spáinnigh sna 1700idí, agus atá suite i gcroílár San Antonio, in Texas, inniu. Daoine geala ab ea na cosantóirí, iad ag iarraidh neamhspleáchas ó Mheicsiceo a bhaint amach do Texas.
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c8/The_Alamo_Monument%2C_San_Antonio%2C_Texas.jpg/220px-The_Alamo_Monument%2C_San_Antonio%2C_Texas.jpg)
Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rinne an t-arm Meicsiceach, faoi Antonio López de Santa Anna, léigear ar an Alamo ar 23 Feabhra 1836, Bhí 194 fear san Alamo, agus an misean beag Proinsiasach á chosaint acu.
Ar an 2 Márta, fógraíodh Texas a neamhspleáchas i Washington, TX.
Tháinig deireadh, tar éis dhá lá dhéag, le Léigear an Alamo, ar 6 Márta, nuair a threascair fórsaí an Ghinearáil Mheicsicigh Santa Anna, an garastún beag [2] Rinneadh slad ar na “Texians” a bhí ann, Davy Crockett ina measc.
Chuir an t-ionsaí uafás ar Mheiriceá agus d'éirigh Crockett ina laoch pobail. Cloíodh an t-arm Meicsiceach i gCath San Jacinto ar an 21 Aibreán 1836.
D'ionghabh na Stáit Aontaithe Texas in 1845, an 28ú stát san Aontas.