Phéinteáil mná faiseanta in iartharna hEorpa a n-aghaidheanna ó aimsir na nGréagach is na Rómhánach chun iarmhairtí idéalacha óigeantachta a bhaint amach. Ba ghnách le banríon na hÉigipte, Cleopatra, í féin a ní i bhfolcthaí líonta le bainne asail.[1]
I dtréimhsí áirithe bhíodh cuid de na hiarmhairtí aisteach mínádúrtha. Mar shampla, ón Meánaois dhéanach go dtí an 18ú céad chuirtí paistí dubha ar aghaidh gan cháim mar bhaill dobhráin nó seirce.
Sa 19ú céad ní chaithfeadh bean fhiúntach cosmaidí feiceálacha ar eagla go cheapfaí gur bean amharclainne nó bean le gairm mhíthaitneamhach ab ea í.
Go dtí lár an 20ú céad nó mar sin bhí cuid de na hullmhóidí baolach don tsláinte, agus fiú marfach (luaidhe bhán, mar shampla).
Ar 11 Márta2013, san Aontas Eorpach, tháinig deireadh leis an tréimhse chun deireadh a chur de réir a chéile le tástáil táirgí cosmaideacha ar ainmhithe, rud a chuir toirmeasc ar chosmaidí a tástáladh ar ainmhithe a chur ar mhargadh an Aontais Eorpaigh.[2]
Cuirtear luisneach ar an gcraiceann freisin chun dath deas a thabhairt dó. Is féidir dathanna a chur sa ghruaig freisin. Is gnó ollmhór é gnó an smididh.[3]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.