Jump to content

Cuideachta loingseoireachta Cunard

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCuideachta loingseoireachta Cunard
Sonraí
Cineálgnó
cruise line (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitCunard-White Star Line (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1840
Bunaitheoir(í)Samuel Cunard Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
MáthaireagraíochtCarnival Corporation & plc Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir de

Suíomh gréasáincunard.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: cunard Twitter: cunardline Instagram: cunardline Youtube: UCjdHw6iv2DInn8U0iuhEptw Cuir in eagar ar Wikidata


Bhí an cuideachta loingseoireachta Cunardcomhlacht loingis Cunard[1] ar ceann de na comhlachtaí ba mhó sa mBreatain sa 19ú haois.[2] Bhunaigh piarda mór de chuid an ghnó, Samuel Cunard, an comhlacht sa bhliain 1839/1840, sé British and North American Royal Mail Steam-Packet Company ar dtús, a d'éirigh an Cunard Steamship Company, Ltd sa bhliain 1879.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh Cunard ina chomórtas idir é agus an comhlacht mór eile, an White Star Line, cé aige an raibh an long thrasAtlantach ab fhearr. Bhí na longa ba mhó cáil ag an dá chomhlacht sin ach b’acusan a bhí na longa ba mhó droch-cháil freisin. Ba é an comhlacht Cunard a thóg an long an RMS Lusitania i 1906. De bharr go raibh an ‘White Star Line’ ceannaithe ag comhlacht Meiriceánach, bhí Rialtas na Breataine ag iarraidh a chinntiú nach bhfaigheadh na Meiriceánaigh an ceann is fearr orthu ó thaobh luais ar an Atlantach. Mar sin, thugadar cúnamh airgid do Cunard agus coimisiúnaíodh an ‘RMS Lusitania’. Ar an 7 Bealtaine 1915 i lár an Chéad Chogaidh Dhomhanda, scaoil U-long Ghearmánach leis an Lusitania agus bádh í.

Tá an t-ainm ‘Cunard’ fós le feiceáil ar cheann de na foirgnimh stairiúla gar do na duganna i Learpholl, áit a raibh a cheanncheathrú go dtí 1919.

Bunaíodh an comhlacht "Cunard-White Star Line" sa bhliain 1934.

Is cuid de Carnival Corporation, comhlacht Meiriceánach, é an trádmharc Cunard inniu.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tugadh an "British and North American Royal Mail Steam Packet Company"  in 1840 agus sa bhliain 1879, an "Cunard Steamship Company Ltd" agus níos simplí, Cunard Line
  2. Mairéad Ní Nuadháin (7 Meitheamh 2024). "‘Aithním an chanúint. An as Iarthar na hÉireann sibh?’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-07.