Díorthach
Appearance
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/0f/Tangent_to_a_curve.svg/220px-Tangent_to_a_curve.svg.png)
Sa mhatamaitic, tomhaiseann díorthach feidhme d’athróg réadach an íogaireacht d’athrú ar luach feidhme (luach aschuir) maidir le hathrú ina argóint (luach ionchuir). Uirlis bhunúsach calcalais iad díorthaigh. Mar shampla, is é an díorthach shuíomh réada atá ag gluaiseacht i leith ama, ná treoluas an réada: tomhaiseann sé seo cé chomh tapa agus a athraíonn suíomh an ruda nuair a théann an t-am ar aghaidh.