Dún Mhic Aoidh
Appearance
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/ff/McKee_Barracks%2C_Dublin_7.jpg/280px-McKee_Barracks%2C_Dublin_7.jpg)
Tá Dún Mhic Aoidh (English - McKee Barracks) lonnaithe in aice le Páirc an Fhionnuisce sa Chabhrach i mBaile Átha Cliath.
Tógadh an dún d'Arm na Breataine i 1888 agus Marlborough Barracks an t-ainm a bhí air ag an am sin.
Sa bhliain 1922 ghlac an Saorstát seilbh ar an Dún agus sa bhliain 1926 athainmníodh é in ómós do Risteárd Mac Aoidh iarbhall sinsearach den Sean-IRA.