Dabhach shéarachais
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/ef/Schematic_of_a_septic_tank_2.png/220px-Schematic_of_a_septic_tank_2.png)
Is éard is dabhach shéarachais nó dabhach mhúnlaigh ann ná tobán faoi thalamh atá déanta as coincréit, snáithín gloine, nó plaisteach trína sreabhann fuíolluisce tí (camras), le haghaidh cóireála bunúsach camrais.[2] [3][4]
Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]
Laghdaíonn próisis síothlaithe agus díleá anaeróbaigh solaid agus orgánaigh, ach níl an éifeachtacht cóireála ach measartha (dá ngairtear "cóireáil phríomhúil").[5] Is cineál saoráide simplí camrais ar an láthair iad dabhcha séarachais. Is féidir iad a úsáid i gceantair nach bhfuil ceangailte le gléasra diúscartha camrais, amhail limistéir thuaithe. Diúscraítear an t-eisilteach leachtach cóireáilte go coitianta i ndraein pháirce sheipteach, a sholáthraíonn cóireáil bhreise. Mar sin féin, d’fhéadfadh truailliú screamhuisce tarlú agus d’fhéadfadh sé a bheith ina fhadhb.
Tagraíonn an téarma "seipteach" don timpeallacht bhaictéarach anaeróbach a fhorbraíonn san umar a dhianscaoileann nó a mhianraíonn an dramhaíl a scaoiltear isteach san umar. Is féidir dabhach shéarachais a chúpláil le haonaid chóireála fuíolluisce eile ar an láthair amhail cisil scagtha bhitheolaíocha nó córais aeróbacha lena mbaineann aerú fórsáilte saorga.[6]
Tá an ráta carntha sloda — ar a dtugtar ábhar seipteach nó ábhar faecach freisin — níos tapúla ná an ráta dianscaoilte.[5] Dá bhrí sin, ní mór an t-ábhar faecach carntha a bhaint go tréimhsiúil, rud a dhéantar go coitianta le trucail folúis.[7]
In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]
Le linn 2023, bhí beagnach 500,000 teaghlach in Éirinn i dtuilleamaí dabhach séarachais.
Theip ar leath na ndabhcha séarachais a ndearna údaráis áitiúla cigirceachta orthu sa bhliain 2022 de réir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an EPA). Breis is 1,100 láthair a scrúdaíodh i 2022. Theip ar 560 acu. Bhí baol do shláinte an duine agus don timpeallacht i 230 acu - 21% den iomlán.[8]
Sa bhliain 2024, bhí sé ráite i dtuarascáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil nach raibh cóireáil ná cigireacht cheart á ndéanamh ag údaráis áitiúla ar dhabhcha séarachais agus go raibh dochar suntasach á dhéanamh don chomhshaol de bhíthin na faillí sin.[9]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Compendium of Sanitation Systems and Technologies. Federal Institute of Aquatic Science and Technology (Eawag)
- ↑ COGG. "Dabhach Shéarachais - Staidéar Foirgníochta". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ COGG / tairseachcogg.ie. "Dabhach seipteach / íomhá".
- ↑ Compendium of Sanitation Systems and Technologies
- ↑ 5.0 5.1 Tilley (2014). "Compendium of Sanitation Systems and Technologies" (2nd ed.). Duebendorf, Switzerland: Swiss Federal Institute of Aquatic Science and Technology (Eawag). ISBN 978-3-906484-57-0.
- ↑ “Septic Systems for Waste Water Disposal”. American Ground Water Trust. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-17. Dáta rochtana: 2008-05-20.
- ↑ “What is a septic system? How do I maintain one?”. National Environmental Services Center. nesc. Dáta rochtana: 4 March 2015.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-06-28). "Baol sláinte ó 20% de dhabhachanna séarachais tithe" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-09). "Imní faoi líon mór dabhach séarachais atá lochtach" (as ga-IE).