Daniel Wiffen
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 14 Iúil 2001 22 bliana d'aois Machaire Lainne, Northern Ireland |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Loughborough |
Gníomhaíocht | |
Gairm | snámhóir |
Tír spóirt | Éire |
Spórt | snámh |
Ghlac sé/sí páirt i | |
30 Iúil 2021 | swimming at the 2020 Summer Olympics – men's 1500 metre freestyle (en) (20) |
27 Iúil 2021 | swimming at the 2020 Summer Olympics – men's 800 metre freestyle (en) (14) |
Is snámhóir é Daniel Wiffen as Machaire Lainne, Contae an Dúin (a rugadh ar 14 Iúil 2001), an chéad snámhaí Curadh Domhanda d’Éirinn riamh.[1]
Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagann Wiffen ó shráidbhaile Machaire Lainne, Co. an Dúin. D'fhreastail sé ar Ollscoil Loughborough.
In 2021, i gCluichí Oilimpeacha Thóiceo, chríochnaigh Wiffen sa 14ú háit sa bhabhta ceannais 800m saorstíle na bhfear.[2]
I mí an Meithimh 2022, chríochnaigh sé sa 4ú háit sa bhabhta ceannais 800m saorstíle na bhfear i gcraobh chomórtais snámh an domhain san Ungáir.[3]
2023[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ghlac Wiffen páirt i gCraobhchomórtas Ghearrchúrsa na hEorpa sa Rómáin i mí na Nollag 2023. Ar an 10 Nollaig, d’éirigh leis an churiarracht dhomhanda i Saorstíl 800m na bhfear a bhaint amach.[4] Shnámh sé an 800m i 7:20.46, am a bhí 3 shoicind níos tapúla ná an churiarracht ó 2001. Is é seo an chéad uair a d’éirigh le hÉireannach curiarracht dhomhanda sa snámh a bhaint amach. Bhuaigh sé trí bhonn óir sa snámh.[5]
2024[cuir in eagar | athraigh foinse]
I gCraobhchomórtais Uiscíochta an Domhain ar 14 Feabhra 2023, bhuaigh Wiffen an bonn óir sa saorstíl 800m tar éis dó an rás a shnámh in am 7:40:94 sa babhta ceannais.[1]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 extrag.ie (2024-02-14). "Daniel Wiffen an chéad snámhaí 'World Champion' d’Éirinn" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-02-16.
- ↑ sportireland.ie Sport Ireland (2021). "An tAthbhreithniú ar Chluichí Thóiceo". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ TG4 (2022). "Éireannach sa bhabhta ceannais i gcraobh chomórtais snámh an domhain" (ga-IE). Molscéal. Dáta rochtana: 2023-12-14.
- ↑ RTÉ News, Eoin Ryan (2023-12-10). "Wiffen smashes world record to win third European gold" (as en).
- ↑ Ollscoil Má Nuad (Nollaig 2023). "ELeathanach 453". Dáta rochtana: 2023.