Jump to content

Eoghan Rua Mac an Bhaird

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEoghan Rua Mac an Bhaird
Beathaisnéis
Breith1570 (Féilire Ghréagóra)
Cill Bharrainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1630
59/60 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

File as Cill Bharúin i gContae Dhún na nGall ab ea Eoghan Rua Mac an Bhaird (c1570-c1630) a thaistil go dtí an Mhór-Roinn le Ruairí Ó Domhnaill i 1607 san eachtra ar a dtugtar fós Teitheadh na nIarlaí agus a chum caointe ar mhór-uaisle na nGael a cailleadh ann.[1]

Tír Chonaill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba i gCill Bharúin i dTír Chonaill thart faoin mbliain 1570 a saolaíodh Eoghan Rua Mac an Bhaird de shliocht filí an Bhaird, filí oidhreachtúla Uí Dhomhnaill. Cailleadh a athair, Uilliam Óg Mac an Bhaird, sa bhliain 1576, agus chum sé an dán 'Rob soraidh t'eachtra a Aoidh Ruaidh' nuair a d'imigh Ó Domhnaill chun na Spáinne ag iarraidh cabhrach i 1602. Phós sé Máire Ní Chléirigh, agus bhí sé féin ar dhuine den teaghlach a fuair pardún ó Shasana nuair a tháinig deireadh le Cogadh na Naoi mBliana i 1603.

An Mhór-Roinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'imigh sé thar sáile i gcuideachta Uí Dhomhnaill (Ruairí) agus Uí Néill (Aodh Mór) i Meán Fómhair na bliana 1607. Chuaigh sé ó Fhlóndras go dtí an Róimh, agus as sin ar ais go Flóndras. Bhí sé sa Róimh arís idir 1613-1625. Ar an Mór-Roinn chaoin sé Ruairí agus Cafarr Uí Dhomhnaill sa dán a chum sé dá ndeirfiúr Nuala 'A bhean fuair faill ar an bhfeart', agus ceaptar gur aistrigh sé leabhar ar chúrsaí míleata d'Aodh mac Ruairí mar chuid den fheachtas chun ionsaí a dhéanamh ar Éirinn as an Ísiltír i 1625-27.

Mac leis ab ea an sagart Proinsiasach Aodh Buí Mac an Bhaird (c1591-1635) a bhí ina ghairdian ar Choláiste na nGael (Coláiste Naomh Antaine i Lobháin). Bhí mac eile leis freisin sna Proinsiasaigh, Fearghal Óg Mac an Bhaird a crochadh in Éirinn i 1642.

Eoghan Rua Mac an Bhaird sa Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar léiriú ficseanúil ar Eoghan Rua Mac an Bhaird agus ar a mhac, Aodh Buí, in An Cléireach, úrscéal le Darach Ó Scolaí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Beathaisnéis 1560-1781, Maire Ní Mhurchú & Diarmuid Breathnach, An Clóchomhar 2001
  • Imeacht na nIarlaí, Tomás Ó Fiaich & Pádraig de Barra, 1972
  • An Cleireach, Darach Ó Scolaí, Leabhar Breac 2007