Jump to content

Feadóg (éan)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFeadóg
Charadriinae Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdCharadriiformes
FineCharadriidae
FofhineCharadriinae Cuir in eagar ar Wikidata

Éan beag nó meánach a fhaightear ar fud an Domhain is ea an fheadóg. Bíonn an t-eireaball gearr, na cosa fada agus an gob díreach, ar comhfhad leis an gceann. Áitríonn sí cladach, talamh féarach nó fásach. Itheann sí inveirteabraigh. Gluaiseann sí timpeall i rití gearra arís is arís eile agus sos eatarthu. Cuimsíonn sí na pilibíní agus na hamadáin mhóinteacha. Tá timpeall 63 speiceas ann.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Feadóg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 257.