Jump to content

Forógra na Feabhra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtForógra na Feabhra
Map
Cineálforógra
decree (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírImpireacht na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisan Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata


Is éard a bhí i gceist le Forógra na Feabhra i stair na Fionlainne ná an forógra a d'eisigh impire na Rúise (Nioclás II) ar an 15 Feabhra 1899 le cuid den fhéinrialtas a bhaint d'Ard-Diúcacht na Fionlainne. Go dtí sin, bhí sé de chumhacht ag Dáil na Fionlainne gan glacadh leis na dlíthe nua Rúiseacha - is é sin, ní thugadh na Fionlannaigh aird ach ar an gcuid sin den reachtaíocht uile-Rúiseach a raibh siad sásta léi. Ó bhí na Fionlannaigh sách dílis don Impire ar dhóigheanna eile, tháinig an Forógra seo aniar aduaidh orthu ar fad, agus iad den tuairim gur míthuiscint de chineál éigin a bhí i gceist. D'achainigh leathmhilliún Fionlannach ar an Impire an forógra a chur ar ceal, ó shíl siad nach ón Impire féin a tháinig an forógra, ach ó chomhairleoir éigin nár thuig cúrsaí na Fionlainne.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]