Jump to content

Gaelcholáiste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is iad na heagraíochtaí Gaeloideachas Teo. agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (nó COGG) a dhéanann ionadú agus a thacaíonn leis na Gaelcholáistí i bPoblacht na hÉireann agus Comhairle na Gaelscolaíochta ó Thuadh. Tacaíonn Gaeloideachas le scoileanna Gaeilge sa Ghaeltacht freisin.

Is éard atá i nGaelcholáiste ná ionad oideachais dara leibhéal ar oileán na hÉireann, lasmuigh den Ghaeltacht, ina bhfuil an Ghaeilge mar an bpríomhtheanga oideachais agus cumarsáide. Murab ionann agus Gaelscoil, is don mheánscoil a thagraíonn Gaelcholáiste.

Gaelcholaiste an Phiarsaigh, Ráth Fearnáin

Is iad na heagraíochtaí Gaeloideachas Teo. agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (nó COGG) a dhéanann ionadú agus a thacaíonn leis na Gaelcholáistí i bPoblacht na hÉireann, agus Comhairle na Gaelscolaíochta ó Thuaidh. Tacaíonn Gaeloideachas leis na scoileanna Gaeltachta freisin.

Coláiste de hÍde i dTamhlacht, Baile Átha Cliath 24
Coláiste Mhuire, An Chabrach

Cumas acadúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léiríonn na figiúirí go dtéann an-chuid de na daltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelcholáistí ar aghaidh go dtí cúrsaí tríú leibhéal. Scoil lán-Ghaeilge í an iarbhunscoil ‘is fearr’ sa tír ó thaobh mic léinn a sholáthar d’institiúidí tríú leibhéal, gan táillí a íoc. De réir eolais a foilsíodh san Irish Times in 2022, bhí Gaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór i gCill Mhantáin ar bharr liosta na scoileanna ar fad sa stát a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal.[1] Scoileanna táille do lucht an airgid ba ea na cinn eile ar an deichniúr is fearr.

De réir na hanailíse a rinne an Irish Independent ar na figiúirí in 2022, chuaigh 74% de dhaltaí a rinne an Ardteist i mbliana ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal ach 83% de dhaltaí a bhí i gceist i gcás na ngaelcholáistí.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaelcholáistí le linn na mblianta 2010-2020[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2020, bhí 31 Ghaelcholáiste agus 17 n-aonad dara leibhéal Gaeilge ar oileáin na hÉireann agus breis is 12,000 dalta ag freastal orthu. Bhí breis is 3,000 dalta i mbun oideachais dara leibhéal trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta freisin.

Osclaíodh Gaelcholáiste an Phiarsaigh i Ráth Fearnáin agus Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín in 2014, agus osclaíodh Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin i gCarraig Uí Leighin agus Gaelcholáiste Dhoire i nDún Geimhin in 2015.

Osclaíodh Gaelcholáiste Mhic Shuibhne i gCnoc na hAoine i gCathair Chorcaí in 2019 agus osclaíodh Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad i Maigh Nuad in 2020.

Is minic go mbíonn sé mar chuspóir mheántéarmach ag na hAonaid Ghaeilge stádas Ghaelcholáiste a bhaint amach.

Liosta na nGaelcholáistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baile Átha Cliath & an timpeallacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna cúigí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Tuaisceart[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Pádraic Ó Ciardha (15 Nollaig 2022). "Gaelcholáiste ar an scoil ‘is fearr’ sa tír a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-23.