Jump to content

Grabhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilGrabhair

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 58°03′N 6°25′W / 58.05°N 6.42°W / 58.05; -6.42
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
OileánraInse Ghall Cuir in eagar ar Wikidata

Sráidbhaile tuaithe ar chladach Loch Odhairn (loch mara) i gceantar na Páirce (A' Phàirc) i Leòdhas is ea GrabharGrabhair.[1] Tá Grabhair laistigh de Pharóiste na Lochanna.[2] Tá An Eaglais Shaor, scoil agus stáisiún dóiteáin deonach sa sráidbhaile. Tá cé ann freisin. Úsáideadh an chuid is mó de na ceapacha le haghaidh na crochtóireachta, ach tá laghdú tagtha air seo le 50 bliain anuas. Is é an bóthar a théann chuig an sráidbhaile ná an B8060,[3] agus leanann sé ar aghaidh go hOrasaigh agus Leumra.

Bunaíodh an baile roimh 1800 agus bhí 411 duine ina gcónaí ann i 1911 ach ní raibh ach 76 i 2005. Tá 43 croit sa bhaile féin agus 15 i nGleann Ghrabhair.[4]

Daoine ainmniúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]