Saolaíodh i dTír na mBascach é, i gcaisleán Loyola sa bhliain 1491[3]. Chuaigh sé le saighdiúireacht agus goineadh go dona é ag cath Pamplona sa bhliain 1521.
Nuair a bhí sé ag teacht chuige féin, chun an t-am a mheilt léigh sé Beathaí na Naomh agus an Bíobla. Chuaigh an léitheoireacht seo go mór i bhfeidhm air agus bhí tiontú spioradálta aige. Mar sin bheartaigh sé a shaol a chaitheamh i mbeatha rialta.
D’fhreastail sé ar Ollscoil i bPáras sa bhliain 1528.Gach samhradh chaith sé roinnt ama ag lorg déirce i Londain chun a tháillí a íoc.
Mhóidigh siad an chuid eile dá saol a chaitheamh i mbochtaineacht agus in aontumha agus fanacht dian dílis don Phápa.
Ba é Loyola a bhunaigh ord rialta Cumann Íosa sa bhliain 1534[4] (in éineacht le Proinsias Xavier agus Peter Faber agus fir eile). Mhóidigh seisean agus na fir eile an chuid eile dá saol a chaitheamh i mbochtaineacht agus in aontumha agus fanacht dian dílis don Phápa.
Sa bhliain 1540, fuair Foirmle Bhunaithe an Chumainn faomhadh Phól a Trí, a bhí ina Phápa san am.
Bhí páirt thábhachtach ag na hÍosánaigh san Fhrith-Reifirméisean agus, níos deireanaí, i nua-aoisiú na hEaglaise.
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.