Jump to content

Iolar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoIolar
Accipitridae Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdAccipitriformes
FineAccipitridae Cuir in eagar ar Wikidata
Vieillot, 1816

Is ainm coitianta ar go leor éan creiche mór san fhine Accipitridae é iolar. Cuimsíonn na hiolair roinnt géineas, cuid acu gar i ngaol lena chéile. Is ón Eoráise agus ón Afraic an chuid is mó de na 60 speiceas iolar. Lasmuigh den limistéar seo, ní féidir ach 14 speiceas a fháil — dhá cheann i Meiriceá Thuaidh, naoi gcinn i Meiriceá Láir agus Theas, agus trí cinn san Astráil.

Ní grúpa tacsanomaíochta iad na hiolair; úsáidtear an téarma ar aon chineál éin atá mór go leor chun veirteabraigh mhóra (thart ar 50 cm ar fad nó níos mó) a sheilg.

Samplaí de logainmneacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]