Ionchúiseamh Feidearálach in aghaidh Donald Trump (toghchán 2020)
Cineál | cás dlí cás coiriúil ionchúiseamh de Donald Trump |
---|---|
Bailíocht | 1 Lúnasa 2023 - |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Cúis | attempts to overturn the 2020 United States presidential election (en) |
Cúisitheoir | Smith special counsel investigation (en) |
Cosantóir | |
Cúirt | United States District Court for the District of Columbia (en) |
Breitheamh | Tanya S. Chutkan |
Ar 1 Lúnasa 2023, bhí sé curtha i leith Donald Trump gur chuaigh sé i mbun comhcheilge chun torthaí an toghcháin uachtaránachta in 2020 a chur ar ceal ar mhaithe le fanacht i gcumhacht.[1]
Tá coireanna éagsúla á gcur i leith Trump mar thoradh ar fhiosrúchán faoi na círéibeacha in Washington DC ar an 6 Eanáir 2020, cúiseanna a bhaineann lena iompar sa tréimhse idir an toghchán i Samhain 2020 agus an lá ar fhág sé an Tigh Bán ar an 20 Eanáir 2021. Cuirtear i leith Trump gur chuaigh sé i mbun comhcheilge ar mhaithe le calaois a dhéanamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.[1]
Na cúiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cúis faoi chomhcheilg le calaois a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe, ,
Baineann an chéad chúis leis an líomhain go ndein sé iarracht bac a chur ar bhailiú, ar chomhaireamh agus ar dheimhniú vótaí.
Cúis faoi chomhcheilg le bac a chur ar imeachtaí oifigiúla agus cúis eile faoi bhac a chur ar imeachtaí oifigiúla,
Baineann dhá chúis eile le hiarracht a dhéanamh bac a chur ar chlárú vótaí na gcoláistí toghcháin i gComhdháil na Stát Aonraithe ar an 6 Eanáir, an lá go ndein drong de lucht tacaíochta Donald Trump ruathar ar an gCaipeatól.
Cúis faoi chomhcheilg in aghaidh cearta.
Baineann an ceathrú cúis le hiarracht a dhéanamh cur as don cheart atá ag daoine vótáil agus an ceart atá acu go ndéanfaí a vótaí a chomhaireamh.[1]
Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá cás eile coiriúil atá á ullmhú in aghaidh an iar-Uachtaráin, faoi eolas rúnda slándála de chuid na Stát Aontaithe a bhí ina sheilbh go mídhleathúil.[3]
- cás eile coiriúil atá á ullmhú in aghaidh an iar-Uachtaráin in Georgia: Ar 14 Lúnasa 2023, bhí iaruachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, cúisithe ag ardghiúiré in Georgia in iarracht a dhéanamh toradh thoghchán uachtaránachta na tíre in 2020 a chur ar ceal. Tugtar The State of Georgia v. Donald J. Trump, et al ar an gcás. [4] Tá
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Ruathar ar an gCaipeatól (2021)
- Ionchúiseamh Feidearálach in aghaidh Donald Trump (eolas rúnda slándála)
- Ionchúiseamh Donald Trump in Georgia
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Senate Committee on the Judiciary,: Subverting Justice: How the Former President and His Allies Pressured DOJ to Overturn the 2020 Election, 2021-10-07[5]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 1.2 Tuairisc (2 Lúnasa 2023). "Trump le cur ar a thriail as iarracht a dhéanamh torthaí toghcháin a chur ar ceal" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-02.
- ↑ "Subverting Justice: How the Former President and His Allies Pressured DOJ to Overturn the 2020 Election | United States Senate Committee on the Judiciary" (en). www.judiciary.senate.gov. Dáta rochtana: 2023-08-20.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-08-02). "Trump cúisithe faoi iarracht Olltoghchán 2020 a chur ar ceal" (as ga).
- ↑ Raidió na Gaeltachta (18 Lúnasa 2023). "Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-08-19.
- ↑ "Subverting Justice: How the Former President and His Allies Pressured DOJ to Overturn the 2020 Election | United States Senate Committee on the Judiciary" (en). www.judiciary.senate.gov. Dáta rochtana: 2023-08-20.