Laitéis
Appearance
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e9/Latex-production.jpg/250px-Latex-production.jpg)
Is éard is laitéis ann ná sú bainniúil plandaí áirithe (go mór mór an cineál a bhaintear as an gcrann rubair. Is éard atá sa rubar ná ábhar leaisteach a dhéantar as súlach an chrainn rubair. Is leacht de thiúis éagsúla é an laitéis. Dath bán a bhíonn ar an laitéis de ghnáth ach uaireanta bíonn sí trédhearcach nó daite, fiú. Is minic a bhíonn sí greamaitheach agus téachtann ar theacht i dteagmháil leis an aer di le hábhar leaisteach a sholáthar a úsáidtear i ndéantús rubair nádúrtha (an Hevea brasiliensis, mar shampla).