Linn ionnalta
Appearance
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/1a/Kilconnell_Friary_O%27Donellan_Chapel_Double_Piscina_2009_09_16.jpg/220px-Kilconnell_Friary_O%27Donellan_Chapel_Double_Piscina_2009_09_16.jpg)
Is struchtúr draenach é linn ionnalta[1] nó umar[2] (Laidin: piscina) in ailtireacht eaglaise. Is báisín cloiche é seo, ina mbíonn poll draenála. Bíonn an báisín suite i gcuasán sa bhalla. Bíonn sé sa bhalla theas in eaglaisí i gcónaí, in aice leis an gcúinne thoir theas. Doirtear amach an t-uisce inar níodh an chailís, an paiteana agus na cruibhéid as an mbáisín.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ ""piscina" — téarma.ie". Dáta rochtana: 2022-07-28.
- ↑ "English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): piscina". Dáta rochtana: 2022-07-28.