Jump to content

Oileán Cheap Bhreatainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilOileán Cheap Bhreatainn
Unama'ki (mic) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 46°17′42″N 60°40′12″W / 46.295°N 60.67°W / 46.295; -60.67
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaAlbain Nua Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairBaile Shidni Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán132,010 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús12.8 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla10,311 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Tomhas114 km Cuir in eagar ar Wikidata (Amplada) × 180 km Cuir in eagar ar Wikidata  (Llargada) default
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Airde532 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeWhite Hill (en) Aistrigh (532 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Is oileán é Ceap Breatainn atá suite amach ó chósta thoir Cheanada (Albain Nua). Tá cultúr suntasach Gaelach ar an oileán, go mór mór cultúr Ghàidhlig na hAlban. Ba í an Ghàidhlig phríomhtheanga na háite anuas go dtí caoga bliain ó shin, b'fhéidir, ach nuair a mheath na seanslite maireachtála, dála na hiascaireachta agus na foraoiseachta, thosaigh muintir na háite ag tabhairt a n-aghaidhe ar na bailte móra. De réir a chéile, mar sin, tháinig laghdú ar an líon daoine i gCeap Breatainn a raibh Gàidhlig ó dhúchas acu.

Mar sin féin, níl an cultúr ar an dé deiridh fós. Tá an teanga á labhairt ag cuid de mhuintir na háite agus tá ceol na nGàidheal go háirithe le blaiseadh ann.

Léarscáil

Luann Vicipéid Ghaeilge na hAlban na háiteanna seo ar an oileán:

  • Aiseag Mhira (Droichead Albert)
  • Bàgh a' Chaisteil
  • Am Bàgh an Ear
  • Baghasdail
  • Baile Shidni
  • Am Bàr (Sidni-a-Tuath)
  • Beinn Eòin
  • Camas an Dobhrain (Cuas Béabhar)
  • An Caolas Mór (An Caol Mór)
  • Drochaid Mhira
  • Eilein na Nollaig
  • Glasbaidh
  • Mèinnean Shidhi
  • A' Mhira Mhòr
  • Pòn na Maiseadh (Lochán Beanacadie)
  • Am Pòn Mór (An Lochán Mór)
  • Cùil an t-Sìmileir
  • Hogamah (Whycocomagh)
  • Màbu (Mabou)
  • Siudag (Judique)
  • Creignis (Creignish)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]