Ospidéal an Rotunda
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Ospidéal agus hospital (en) ![]() | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Baile Átha Cliath, Éire | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Comhcheangal | Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | rotunda.ie | |||
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/31/Rotunda_hospital_dublin.jpg/220px-Rotunda_hospital_dublin.jpg)
Tá Ospidéal an Rotunda, nó Ospidéal Máithreachais an Rotunda, suite i gcroílár Bhaile Átha Cliath agus tá sé ar cheann de na hinstitiúidí sláinte is cáiliúla in Éirinn.[1] An máinlia, Bartholomew Mosse, a bhunaigh an t-ospidéal in 1745, agus is mór an fhorbairt atá tagtha ar Ospidéal an Rotunda, mar a thugtar air sa lá atá inniu ann, ó shin i leith.[2] Tá seirbhísí míochaine á gcur ar fáil gan stad do mhná agus do leanaí ó shin.
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/a2/Rotunda_and_new_rooms%2C_dublin.jpg/220px-Rotunda_and_new_rooms%2C_dublin.jpg)
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/9c/DUBLIN%281837%29_p101_LYING-IN-HOSPITAL_AND_ROTUNDA.jpg/220px-DUBLIN%281837%29_p101_LYING-IN-HOSPITAL_AND_ROTUNDA.jpg)
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/01/Back_of_the_Rotunda_Hospital_in_Dublin.jpg/220px-Back_of_the_Rotunda_Hospital_in_Dublin.jpg)
Airítear an Rotunda ar cheann de na sainfhoirgnimh is so-aitheanta i mBaile Átha Cliath ó thaobh na hailtireachta de.[3]
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
D’oscail an máinlia, Dr. Bartholomew Mosse an t-ospidéal ar 15 Márta 1745 in 'George’s Lane' (Sráid Sheoirse Mhór Theas).[4] An ' Dublin Lying-In Hospital' a bhí air ar dtús. Bhí drochbhail ar mháithreacha agus leanaí i mBaile Átha Cliath san 18ú haois.[1]
Ba é Mosse chomh maith a thiomsaigh an t-airgead le hospidéal nua a oscailt agus leis an bhfoirgneamh a thógáil, I 1748 ghlac an Mosse ceithre acra agus aon ród amháin ar léas ar an taobh thuaidh de Shráid na Breataine Móire chun foirgneamh nua a thógáil.[3] Croílár cultúrtha agus sóisialta na cathrach Seoirsí ag an am ab ea an láthair ar tógadh an foirgneamh.
Tógadh é in aice le Sráid Sackville (Sráid Uí Chonaill inniu). Ach ní raibh sé ar aon ais leis an tsráid. B'iad muintir Gardiner a d'fhorbair an Chearnóg Parnell agus Sráid Parnell, nó Cearnóg Rutland, mar a thugtaí uirthi sa 18ú haois.
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/82/Dublin_%288221289407%29.jpg/220px-Dublin_%288221289407%29.jpg)
Osclaíodh an foirgneamh nua ar 8 Nollaig 1757 agus an 'New Dublin Lying-In Hospital' a bhí air.
Tá seirbhísí míochaine á gcur ar fáil gan stad do mhná agus do leanaí ó shin ina shuíomh reatha ar chearnóg Parnell.
An 'Rink'[cuir in eagar | athraigh foinse]
Gné shuntasach amháin den fhoirgneamh seo ab ea an struchtúr ciorclach, an 'Rink' agus b’as sin a d’eascair a ainm: Ospidéal an Rotunda. Tógadh seomraí éagsúla ócáide mar chuid den fhoirgneamh; 'Rotunda Rink' orthu níos déanaí. Bhí Mosse ag súil go bhféadfaí iad a ligean amach ar cíos chun go dtabharfadh an t-ioncam breise cabhair airgid don ospidéal.
Sa 'Rotunda Rink' a bunaíodh Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1913.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 "Cearnóg Parnell" (ga). PARNELL SQUARE CULTURAL QUARTER. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-08. Dáta rochtana: 2021-12-08.
- ↑ ireland2016.gov.ie (2016-02-10). "Rotunda Hospital: Birth of a Nation" (ga). Ireland 2016. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-08. Dáta rochtana: 2021-12-08.
- ↑ 3.0 3.1 Alan Stanford (Bealtaine 2008). "Stair Amharclann an Gheata" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-12-08.
- ↑ rotunda.ie. "Chronological History of The Rotunda Hospital". Dáta rochtana: 2021.