Jump to content

Pádraig Ó Baoighill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPádraig Ó Baoighill
Beathaisnéis
Breith15 Samhain 1932
Rann na Feirste, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Meitheamh 2024
91 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Gaeilge ó Thír Chonaill ba ea Pádraig Ó Baoighill (15 Samhain 1932 - 21 Meitheamh 2024).[1] Beathaisnéisí, iriseoir, staraí, gearrscéalaí agus scríbhneoir scripteanna raidió a bhí ann, agus fear láidir Gaeltachta, chomh maith.[2][3][4][5]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Rann na Feirste a rugadh agus a tógadh Pádraig Ó Baoighill – Padaí Tharlaigh Phadaí – ach chaith sé cuid mhaith dá shaol ina dhiaidh sin idir Baile Átha Cliath, Ard Mhacha agus Muineachán.

Ba le Gael Linn a chaith sé bunús a shaol oibre. Ba le linn dó a bheith ag obair le Gael Linn idir 1953-1954 a thosaigh sé ag scríobh do Comhar. Thart ar an am céanna, agus é ag imirt peile d'fhoireann Ciceam i mBaile Átha Cliath, chuaigh sé ag scríobh do na hirisí Gaelic Weekly, Gaelic Sport agus Hogan Stand. Ina dhiaidh sin, agus é ag obair do Ghael Linn i gCúige Uladh idir 1954-1970, chuir sé ailt Ghaeilge ar fáil ar feadh seacht mbliana do nuachtán an Irish News agus bhíodh sé ag scríobh go rialta don iris An tUltach chomh maith.[2]

Coiscéim

Nuair a d'éirigh Pádraig as a phost mar Bhainisteoir Margaíochta le Gael Linn i 1992, chrom sé ar an scríbhneoireacht lánaimseartha agus foilsíodh a chéad leabhar gearrscéalta An Coileach Troda (Coiscéim) an bhliain dar gcionn.

Rinne sé an clár Dúchas maidir le cainteoirí Gaeilge i gceantair bhreac-Ghaeltachta faoi choinne Raidió na Gaeltachta (2000 agus 2018).

In 2005, bhronn Ollscoil Uladh dochtúireacht oinigh air as a chuid oibre ar son na Gaeilge mar scríbhneoir agus mar ghníomhaí.[6]

Fuair Pádraig Ó Baoighill bás in Otharlann Chontae an Chabháin ar an 21 Meitheamh 2024, agus in aois 91 dó. Baintreach fir ab ea Pádraig Ó Baoighill. Maireann seisear dá sheachtar clainne agus clann a chlainne.[2][1]

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Pádraig Ó Baoighill thart ar 25 leabhar ( a bhformhór foilsithe ag Coiscéim) i gcaitheamh a shaoil, gan trácht ar an iliomad colún iriseoireachta.

  • An Coileach Troda agus scéalta eile, 1993 (Coiscéim). Díolaim ghearrscéalta atá ann, ag tabhairt cur síos ar an saol timpeall na Teorann.
  • Óglach na Rosann, 1994. Beathaisnéis é seo ar Niall "Pluincéad" Ó Baoill, laoch Poblachtánach ó bhólaí dúchais an scríbhneora, agus cuid mhaith seanchais áitiúil agus stairiúil léi. Go háirithe, tá go leor eolais ar fáil sa leabhar seo faoin bpáirt a bhí ag Seosamh Mac Grianna agus Séamus Ó Grianna in imeachtaí an Chogaidh Chathartha.
  • Cuimhní ar Dhochartaigh Ghleann Finne, 1994. Leabhrán beag ina dtugann Pádraig cuntas ar theaghlach mór fidléireachta ó Lár Thír Chonaill.
  • Nally as Maigh Eo, 1998 (Coiscéim). Beathaisnéis an Fhínín cháiliúil as Balla, Co Mhaigh Eo, Fíníneach a ghlac páirt i mbunú Chumann Lúthchleas Gael. Ní raibh fad saoil i ndán do Nally, nó nuair a ghearr na Sasanaigh téarma príosúnachta. air, níor cheadaigh a dhrochshláinte dó an téarma sin a chríochnú ina bheo. Mar sin féin, maireann a chuimhne ina measc siúd a chleachtann na cluichí Gaelacha. Tá ardán i bPáirc an Chrócaigh ainmnithe as.
  • Ó Ghleann go Fánaid, 2000 agus 2008 (Coiscéim).[7] Leabhar taistil ar Chontae Dhún na nGall. Tugann an scríbhneoir léargas beoga ar shaol na ndaoine ina chontae dúchais, ar iarsmaí na laethanta a bhí agus ar staid na Gaeilge in áiteanna éagsúla.
  • Amhrán Hiúdaí Fheilimí agus Laoithe Fiannaíochta as Rann na Feirste, 2001.
  • Srathóg Feamnaí agus Scéalta Eile, 2001. Díolaim gearrscéalta is ea an leabhar seo, agus na scéalta ag cardáil shaol mhuintir Thír Chonaill sa bhaile agus i gcéin - is é sin, in Albain.
  • Ceann Tìre/Earraghàidheal. Ár gComharsanaigh Ghaelacha, 2003. Leabhar taistil, ag cardáil saol Gharbhchríocha na hAlban.
  • Gasúr Beag Bhaile na gCreach, 2004. Úrscéal gairid faoi bhuachaill beag a bhfuil an t-alcólachas ag luí ar a mhuintir, agus cur síos dúisitheach ann ar an dóigh a dtéann an fhadhb seo i bhfeidhm ar an stócach óg.
  • Faoi Scáth na Mucaise, 2005. Díolaim scéalta béaloidis atá ann, agus iad bailithe ar imeall na Gaeltachta i dTír Chonaill.
  • Ó Cadhain i dTír Chonaill 2007 (Coiscéim).[8] Cnuasach béaloidis é seo. B'é Máirtín Ó Cadhain féin a bhailigh é. Tá dlúthdhioscaí fuaime ag dul leis an leabhar le cuidiú leis an bhfoghlaimeoir blas ceart na canúna a tharraingt air féin.
  • Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin, le Séamas Mac Amhlaoibh, 2010 (Coiscéim).[9]
  • File Náisiúnta na hAlban – Rabbie Burns: An Nasc le hÉirinn, 2015 (Coiscéim).[10] Thug Pádraig Ó Baoighill faoi mhórán taighde in Albain ar Robbie Burns.
  • Conradh na Gaeilge i nAlbain agus Aistí Eile, 2017 (Coiscéim).[11]
  • An Capall Dubh agus Scéalta Eile, 2018 (Coiscéim), an saothar cruthaitheach ba dhéanaí ó pheann Phádraig.[12]
  • Mian na Saoirse, 2022 (Coiscéim).[13]
  • Niall Mhícheáil - Seanchaí as Rann na Feirste,[14][15] 2023 (Coiscéim). An saothar deireanach dá chuid ar a bhaile dhúchais i Rann na Feirste – fiontar ar thug sé faoi i gcomhar le Mícheál Ó Domhnaill ar bheatha dhuine de sheanchaithe móra an cheantair sin, Niall Mhícheáil Ó Dubhthaigh.Faigheann muid léargas ar leith ar an chineál saoil a bhí ag duine dár muintir a chuaigh i mbun oibre thall i nAlbain san aois seo chaite idir na blianta 1914 go 1970. Tá altanna anseo a bhaineann leis an tréimhse sin a bhí i gcló san iris An tUltach sa bhliain 1994 móide neart sean grianghrafanna.[14]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Death Notice of Pádraig Ó Baoighill (Monaghan Town, Monaghan) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
  2. 2.0 2.1 2.2 Ailbhe Ó Monacháin / Nuacht RTÉ (2024-06-21). "An scríbhneoir as Dún na nGall Pádraig Ó Baoighill tar éis bháis" (as ga-IE). 
  3. "ÚDAIR NA nALT" (2011). Seanchas Ardmhacha: Journal of the Armagh Diocesan Historical Society 23 (2): ix–xiii. ISSN 0488-0196. 
  4. "New President of Historical Society" (en). www.donegallive.ie (2012-03-20). Dáta rochtana: 2024-06-21.
  5. cnicliam96 ar Youtube (2020-12-03). "Agallamh le Pádraig Ó Baoighill". 
  6. Michelle NicPhaidin (2023-06-30). "Author Pádraig Ó Baoighill recognised for his unwavering work" (en). www.donegallive.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
  7. "Gaeltacht Thír Chonaill Ó Ghleann go Fánaid Pádraig Ó Baoighill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
  8. "Mairtín Ó Cadhain i dTír Chonaill le Padraig Ó Baoighill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
  9. "Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin Séamas Mac Amhlaoibh Pádraig Ó Baoighill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
  10. "Rabbie Burns le Pádraig Ó Baoighill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
  11. "Conradh na Gaeilge i nAlbain agus Aistí Eile le Pádraig Ó Baoighill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
  12. "An Capall Dubh le Pádraig Ó Baoighill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
  13. "Mian na Saoirse le Pádraig Ó Baoighill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
  14. 14.0 14.1 "Coiscéim 2023 Leabhair Gaeilge Gaelic Book Publishing". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
  15. "Niall Mhícheáil - Seanchaí as Rann na Feirste le Pádraig Ó Baoighill & Mícheál Ó Domhnaill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.