Pan Am Eitilt 103 (1988)
| ||||
Cineál | timpiste eitlíochta ionsaí sceimhlitheoireachta buamáil eitleáin ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 21 Nollaig 1988 ![]() | |||
Suíomh | Locarbaidh, Scotland ![]() | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe ![]() | |||
Líon básanna | 243 paisinéir 16 foireann Locarbaidh: 11 saoránach ![]() | |||
Líon na marthanóirí | 0 ![]() | |||
Ar 21 Nollaig 1988, maraíodh 270 duine nuair a phléasc buama ar bord eitilte de chuid Pan Am i Locarbaidh na hAlban. Sceimhlitheoireacht Libiach státurraithe a bhí i gceist.
Deirtear gur ordaigh Qaddafi buamáil Loch Earbaí le díoltas a bhaint amach ar an ionsaí a rinne SAM ar a theach cónaithe, inar maraíodh a iníon altrama dhá bhliain d’aois, dhá bhliain roimh Loch Earbaí. "Ach bhí lámh ag Iosrael sa scéal sin chomh maith...".[1][2]
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/09/Boeing_747-121%2C_Pan_American_World_Airways_-_Pan_Am_AN0076297.jpg/220px-Boeing_747-121%2C_Pan_American_World_Airways_-_Pan_Am_AN0076297.jpg)
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/2a/Lockerbie_disaster_memorial.jpg/220px-Lockerbie_disaster_memorial.jpg)
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f2/Pan_Am_Flight_103_Memorial_%2818840431195%29.jpg/220px-Pan_Am_Flight_103_Memorial_%2818840431195%29.jpg)
Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sna 1980idí, bhí an Libia faoi réimeas an Choirnéil Gaddafi, deachtóir a bhí imeallaithe ag mórán mar thoradh ar a chuid tacaíochta do ghrúpaí sceimhlitheoireachta, an tIRA ina measc.[3] ‘Mad dog of the Middle East,’ a bhí baiste ag an Uachtarán Reagan air go drochmheastúil agus in ábhar cartlainne d’fhógair an t-iriseoir Eamonn McCann gurb é a bhí ag éirí thiar as gach eachtra sceimhlitheoireachta san Eoraip sna hochtóidí. Ba é an sléacht a bhain le buamáil Pan Am 103 os cionn Locarbaidh na hAlban an eachtra ba mhíchlúití acu.
An sceimhlitheoir[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cúisíodh Abdel Baset al Megrahi agus gearradh príosúnacht saoil air sa bhliain 2001.[4] Chuir muintir na Libia fáilte mhór roimh al Megrahi nuair a scaoileadh saor é sa bhliain 2009 ar bhonn atrua.[1]
Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'imigh an comhlacht Pan AM, an aerlíne is is cáiliúla i SAM ag an am, bancbhriste sa bhliain 1991.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 Maidhc Ó Cathail (2009). "An fhírinne faoi Loch Earbaí á ceilt" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-12-22.
- ↑ Guardian Staff (1999-04-17). "What if they are innocent?" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2021-12-22.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (2019). "LÉIRMHEAS: Cur síos breá ar thuras ait imreoirí saonta na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-22.
- ↑ "Abdelbaset al-Megrahi" (as en) (2021-12-20). Wikipedia.