Jump to content

Pedro Luis Boitel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPedro Luis Boitel

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith13 Bealtaine 1931
Jovellanos, Cúba Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Bealtaine 1972
41 bliana d'aois
La Habana, Cúba Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisStailc ocrais (Ocras)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Havána Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, ceardchumannaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis

File agus easaontach Cúbach ab ea Pedro Luis Boitel (193125 Bealtaine 1972), a throid i gcoinne rialtais Fulgencio Batista agus Fidel Castro araon.[1] Sa bhliain 1961, ghearr an réimeas cumannach pianbhreith deich mbliana i bpríosún air. Fuair Boitel bás le linn stailc ocrais sa bhliain 1972 nuair a bhí sé i ngéibhinn.[1]

Roimh an réabhlóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Pedro Luis Boitel i ngnáth-theaghlach [1] agus rinne sé staidéar in Ollscoil Havana (Spáinnis: Universidad de La Habana) agus ag an am céanna d'oibrigh sé freisin mar theicneoir raidió.[1] Sna 1950í chuir Boitel i gcoinne rialtas Fulgencio Batista agus chuaigh sé ar deoraíocht i Veiniséala, áit ar chabhraigh sé le Rómulo Betancourt ina chuid iarrachtaí chun rialtas míleata Mharcos Pérez Jiménez a threascairt, trí stáisiún raidió bradach a bhunú sa tír sin.[1]

Tar éis na Réabhlóide Cúbaí, d'fhill Boitel ar Cúba agus d'atosaigh sé a chuid staidéar in Ollscoil Havana.[1] Sa bhliain 1959, b'iarrthóir é sa toghchán le haghaidh uachtaránacht Chumann na Mac Léinn ( Spáinnis: Federación Estudiantil Universitaria; FEU) le tacaíocht ón eagraíocht Movimiento 26, de Julio aige.[1] Cé go raibh Fidel Castro i gceannas na gluaiseachta seo, bhain Castro agus na ceannairí réabhlóideacha eile a gcuid tacaíochta ó Bhoitel. Rinne Castro idirghabháil phearsanta sa toghchán ar an Ollscoil chun Boitel a bhaint d'uachtaránacht an FEU.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 "Foreword to 'Boitel Vive'". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-11-14. Dáta rochtana: 2010-02-25.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]


Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]