Jump to content

Puchán fola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPuchán fola
Schistosoma Cuir in eagar ar Wikidata

Schistosoma mansoni Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
FíleamPlatyhelminthes
AicmeTrematoda
OrdStrigeatida
FineSchistosomatidae
GéineasSchistosoma Cuir in eagar ar Wikidata
Weinland, 1858
Cineál tacsanomaíochSchistosoma haematobium Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósdioecy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Péist leata sheadánach a fhaightear mar phéist fhásta sa bhfuil i mamaigh áirithe, daoine san áireamh. Cuireann sé tús le sisteasóimiáis, galar coitianta i réigiúin thrópaiceacha. Timthriall casta beatha aige, le seilide fionnuisce mar óstach idirmheánach, agus tarlaíonn atáirgeadh neamhghnéasach sa phas san óstach sin. Fuasclaíonn an seilide na larbhaí (na cearcáirigh) i bhfionnuisce, agus ionfhabhtaíonn siad an t-óstach deireanach trína chraiceann a pholladh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Puchán fola". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 541.