Robert Mugabe
Ba ceann rialtais na Siombáibe é Robert Gabriel Mugabe (21 Feabhra 1924 - 6 Meán Fómhair 2019), ó 1980 go dtí 2017. Bhí sé ina phríomh-aire ar dtús, agus ina uachtarán níos déanaí.
Chuir cuid mhór anailíseoirí i leith Mugabe gurbh deachtóir é, ach bhí tacaíocht láidir aige fós ina thír fhéin agus san Afraic. Bhí an ráta boilscithe is measa ar domhan ag an tSiombáib faoi a réim agus tá an geilleagar ag titim as a chéile. Bhí an páirtí freasúra, an Movement for Democratic Change nó MDC á cur faoi chois go rialta ag póilíní an stáit. Fuair ceannaire an pháirtí siúd, Morgan Tsvangirai, buaileadh trom ó na póilíní at 11 Márta 2007. Dúirt easpaig Caitliceacha na tíre gurbh réimeas ciníoch, éillitheach agus aindleathach é rialtas Mugabe.
Bhuaigh Tsvangirai toghchán na huachtarántachta ar 29 Márta 2008 ach ní raibh móramh sách mór aige le dul i gcomharbacht ar Mugabe de réir na dtorthaí (a thóg 5 seachtain le foilsiú). De réir na rialacha bhí gá le toghchán eile idir na beirte. Rinneadh ionsaí ar Tsvangirai agus a lucht leanúna san idirlinn agus d'fhógair sé ar 22 Meitheamh go raibh sé ag éirí as an toghcháin ar mhaithe le sábháilteacht a lucht leanúna. Ritheadh an toghchán dá uireasa ar 27 Meitheamh agus atoghadh Mugabe mar uachtarán.
Ar 15 Samhain 2017, chuir Arm na Siombáibe an phríomhchathair faoina smacht agus cuireadh Robert Mugabe faoi bhraighdeanas baile.[1]
Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Mugabe in Kutama, baile beag misin i dtuaisceart na Róidéise. D'éirigh go seoigh leis ar an mbunscoil ach níor chaith sé mórán ama leis na páistí eile. Mar gheall ar argóint idir eisean agus duine de na sagairt, dhírigh na hÍosánaigh a theaghlach ón misean agus chuir siad fúthu i sráidbhaile eile timpeall is 7 míle slí ó Kutama, cé go raibh cead ag na páistí leanúint ar aghaidh sa bhunscoil agus iad ag fanacht le gaoil leo le linn na seachtaine. Thréig athair Robert an teaghlach sa bhliain 1931 agus chuaigh sé go Bulawayo, mar a bhunaigh sé teaghlach eile. Sa bhliain 1934 chuaigh sagart nua i gceannas ar an misean in Kutama, mar atá, an tAthair Jerome O'Hea, Éireannach. Chuir O'Hea fáilte roimh an teaghlach teacht ar ais. Lean Robert lena bhunascolaíocht agus, ag tosnú sa bhliain 1941, thug sé faoi chlár oiliúint múinteoirí i gColáiste Kutama. Mar chuid den oiliúint chuaigh sé i mbun teagaisc ina shean-bhunscoil. Chuir sé deireadh leis an gclár sa choláist sa bhliain 1945.
Saol pearsanta agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fuair sé bás i Singeapór, ar a thuras deireanach chuig an tír sin i gcomhair cóireáil leighis.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Robert Mugabe 'under house arrest'" (en-GB). BBC News.