Jump to content

Séad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de mineralSéad

Aicmiú
CatagóirMianra
Airíonna
Séad glas neamhlíofa, dathanna eile le feiceáil sna cúinní ar chlé
Culaith shéad marbháin ón tSean-Sín
Deilbh shéada Oilmiceach ó Mheicsiceo

Cloch scothluachmhar é séad a fhaightear ó dhá ghné éagsúla mianraí: séidít, pirixéin glas atá sách tearc is go minic tréshoilseach, agus neifrít, cineál amfabóil a bhfuil loinnir chéarach uirthi. Glas nó bán de ghnáth. Déantar snoíodóireacht mhaisithe leis. Bhí neifrít in úsáid i gcomhair réad deasghnáthach sa tSín sa 3ú mílaois RC, agus séidít san Eoraip i gcomhair tuanna chomh fada sin siar freisin. Saothraíodh séidít i Meicsiceo timpeall 1500 RC, agus tháinig séidít ón Domhan Úr don Eoraip tar éis ionradh na Spáinneach i 1519, don tSín níos déanaí fós, timpeall 1780. Bhí traidisiún sa tSín séad marbhán a choinneáil, agus fuarthas cultacha iomlána sochraide i dtuamaí ann ón 2ú céad RC.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Séad". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 587.