The Electronic Intifada
![]() | |
URL | https://electronicintifada.net/ ![]() |
---|---|
Cineál | suíomh gréasáin, eagraíocht neamhbhrabúis agus nuachtán ar líne ![]() |
Príomhábhar | Israeli–Palestinian conflict (en) ![]() ![]() |
Teanga | Béarla ![]() |
Cruthaitheoir | Ali Abunimah agus Arjan El Fassed ![]() |
Iontráil i seirbhís | 2001 ![]() |
Ceanncheathrú | Chicago ![]() |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() |
Is foilseachán ar líne bunaithe i Chicago [1] é The Electronic Intifada (EI) a chlúdaíonn an choimhlint idir na hIosraelaigh agus muintir na Palaistíne. Déanann an foilseachán cur síos air féin mar eagraíocht neamhbhrabúis, neamhspleách, agus cuireann sé peirspictíocht Phalaistíneach ar fáil.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhunaigh na daoine a leanas an iris EI i mí Feabhra 2001; Ali Abunimah, saoránach Meiriceánach de bhunadh na Palaistíne; Arjan El Fassed, gníomhaí ar son chearta an duine atá lonnaithe san Ísiltír; Laurie King, antraipeolaí agus iar-chomhordaitheoir an Fheachtais Idirnáisiúnta um Cheartas d'íospartaigh de 'Shabra agus Shatila', agus eagarthóir bainistíochta na hirise Journal of Palestine Studies in Washington; agus Nigel Parry, comhairleoir Idirlín eicléictiúil, scríbhneoir agus ceoltóir atá lonnaithe in bPittsburgh faoi láthair.