Vladímír Pútín
Is é Vladímír Vladímírovits Pútín (/ˈpuːtɪn/; Rúisis: Влади́мир Влади́мирович Пу́тин) Uachtarán ar Chónaidhm na Rúise ó 7 Bealtaine 2012.[1] Sa bhliain 2023, bhí barántas gabhála eisithe ag an Cúirt Coiriúla Idirnáisiúnta i leith Putin.
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/1e/Vladimir_Putin_as_a_child.jpg/132px-Vladimir_Putin_as_a_child.jpg)
Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Pútín i Leningrad (Cathair Pheadair anois) ar an 7 Deireadh Fómhair 1952. Bhain sé amach céim dlí in Ollscoil Stáit Leningrad sa bhliain 1975.
Mar oifigeach i gCoiste na Státslándála KGB ón mbliain 1975 go dtí 1991 chaith Putin na blianta sa DDR (Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine, 1985-1990).
Ar an 28 Iúil 1998, d'éirigh Putin ina cheannaire ar Sheirbhís Uile-Rúiseach na Slándála FSB (a lean an KGB). D'fhan sé sa phost sin go dtí Lúnasa 1999[2].
Ceann stáit[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba Phríomh-Aire ar an Rúis i rialtas Boris Eiltsin é ó mhí Lúnasa 1999.
Mar phríomh-aire, bhí meas mór ag na Rúisigh ar Putin mar gheall ar an gcaoi a ndearna sé bainistíocht ar an ionsaí a rinne an Rúis ar an tSeisnia, nuair a d'fhógair muintir na tíre sin neamhspleáchas, agus iad ag iarraidh dealú a fháil ón Rúis.
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/9f/Vladimir_Putin_12_June_2001-2.jpg/220px-Vladimir_Putin_12_June_2001-2.jpg)
D'éirigh Eiltsin as a phost an 31 Nollaig, 1999, agus ceapadh Pútín mar Leas-Uachtarán (le feidhmiú mar Uachtarán) ar an Rúis. Bhuaigh Pútín an toghchán sa bhliain 2000.
Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar go leor bealaí, ceannaire as an ngnáth é Pútín. Bhí sé cuibheasach óg sa bhliain 2000, go háirithe i gcomparáid leis na seanfhondúirí a bhíodh ag rialú an stáit Shóivéadaigh. Staonann sé ón mbiotáille, agus tá an-suim aige i gcúrsaí spóirt — tá sé ag cleachtadh júdó óna chéad óige. Is ball den Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach é, agus deir formhór na dtráchtairí nach ag magadh a bhí sé nuair a thiontaigh sé ina Chríostaí. Chomh maith leis an Rúisis, tá Béarla agus Gearmáinis aige, agus é beagnach chomh líofa le cainteoir dúchais sa dá theanga. Tá bean agus beirt chlainne ag Pútín.
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4b/Bush_and_Putin_signing_SORT.jpg/220px-Bush_and_Putin_signing_SORT.jpg)
Má d'fhéach Eiltsin le bua a bhreith ar oidhreacht spioradálta an Aontas Sóivéadach, tá a mhalairt dearcadh ag Pútín ar an tréimhse sin i stair na tíre. Fiú na hainghníomhartha a rinne an rialtas Cumannach, is cuid thábhachtach iad den stair as ar fáscadh Rúis an lae inniu, dar leis. Agus níl mórán fonn air ach an oiread locht a fháil ar an deachtóir brúidiúil úd Stalin. Cuid de na siombailí náisiúnta Sóivéadacha a caitheadh i dtraipisí i mblianta uachtaránachta Eiltsin, tugadh isteach arís iad le caoinchead Phutin, mar shampla an bhratach mhíleata dhearg, armas na "Réalta Sóivéadaí" agus an t-amhrán náisiúnta Sóivéadach (cé gur athraíodh na focail).
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/2b/Putin_in_judo_uniform_01.jpg/220px-Putin_in_judo_uniform_01.jpg)
Chuir Pútín in aghaidh an chogaidh san Iaráic sa bhliain 2003. Tar éis an chogaidh, d'iarr Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, George W. Bush, ar na Náisiúin Aontaithe na smachtbhannaí eacnamaíocha i gcoinne na hIaráice a chur ar ceal, rud ar thaobhaigh Pútín leis, mar gur ghá go ligfí do choimisiún na Náisiúin Aontaithe a chuid oibre ag cuardach arm ollscriosta san Iaráic a chur i gcrích.
Bhain páirtí Pútín, Páirtí na Rúise Aontaithe mórbhua amach sna toghcháin pharlaiminte sa bhliain 2003. Dúirt tuairisceoirí eachtrannacha go raibh an toghchán é féin féaráilte, ach go ndearna lucht na meán cumarsáide, a bhíonn faoi thionchar an rialtais den chuid is mó, go háirithe an teilifís náisiúnta, bolscaireacht mhillteach ar mhaithe le páirtí an rialtais, gan cead cainte a fhágáil ag na páirtithe eile ach ar éigean.
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/dd/Vladimir_Putin_beefcake-2.jpg/220px-Vladimir_Putin_beefcake-2.jpg)
An 24 Feabhra 2004, níos lú ná mí roimh na toghcháin, ruaig Pútín a phríomh-aire, Michail Kasianov, agus an chomh-aireacht Rúiseach ar fad as a bpoist, agus chuir sé Victor Christséincó ina áit mar phríomh-aire feidhmitheach. Ar 1 Márta, d'ainmnigh sé Michail Fradcov chun an phoist.
An 14 Márta 2004, reáchtáladh toghcháin Uachtaránachta, agus bhain Pútín amach an dara bua, nó ghnóthaigh sé 71% de na vótaí. Arís, bhí feachtas ollmhór ar an teilifís náisiúnta Rúiseach, ach deirtear go raibh an toghchán é féin cothrom.
Ní cheadaítear faoi Bhunreacht na Cónaidhme dul don phobal den tríú huair. I ndiaidh thoghcháin pharlaiminte 2003 ghnóthaigh Putin móramh sách mór leis an mBunreacht a athrú, ach tugadh comhairle do Phutin gan a bheannacht a thabhairt don athrú seo ag an am.
Mar sin, ó 2008 go dtí 2012, bhí Putin ina "Chathaoirleach" na Cónaidhme.
2020idí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar 17 Márta 2023, bhí barántas gabhála eisithe ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i leith Pútín, an chéad uair a eisítear a leithéid le haghaidh ceannaire bhall seasmhach de Chomhairle Slándála na Naisiún Aontaithe.[3][4]
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/70/Vladimir_Putin_carrying_his_buddy_Donald_Trump.jpg/220px-Vladimir_Putin_carrying_his_buddy_Donald_Trump.jpg)
Bhí ollbhua ag Putin i dToghchán Uachtaránachta na Rúise 2024. Vótáil 88% den lucht vótála ina fhabhar, creid nó ná creid. A chúigiú téarma oifige a bhí á lorg ag Putin. D'fhág an toradh seo go mbeadh sé ina Uachtarán ar an Rúis go dtí 2030.[5][6]
Breithmheas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Deirtear uaireanta go raibh dhá dhream ag obair ar an gCreimlín sna 2000idí:
- Ceann amháin is ea na 'sílovicí', atá fós ann, nó lucht na láimhe láidre, agus baint acu leis an eite is náisiúnaí den arm agus de na seirbhísí míleata.
- Is éard a bhí sa cheann eile, ar a dtugtar 'an Chlann', ná daoine a bhí ceangailte leis an iar-Uachtarán Boris Eiltsin agus na fir chumhachtacha ar éirigh chomh geal leo lena ré.
Ba mhinic a raibh easaontas idir an dá dhream seo, mar shampla nuair a cuireadh an dlí ar Michail Chodorkovskí (Khodorkovsky), an mórghróintín artola, a theith an Rúis sa bhliain 2013.[7]
Duine eile a bhí ceangailte leis an gClann ba ea an t-iar-Phríomh-aire Michail Kasianov (Kasyanov).[8] Chuaigh Kasianov i gcoinne rabhadh Pútín gan baint leis an scéal, agus chuir sé in iúl go raibh an-imní air faoin dlí a bheith á chur ar Chodorkovskí. Sa bhliain 2022 theith sé agus bhí sé ina chónaí i Riga in 2023.
Léiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]
Iad sin atá claonta le Vladimir Pútín, is maith leo a áitiú gur chum déantóirí na scannán Harry Potter Dobby in íomhá an uachtaráin Rúisigh d'aon turas.
![](http://chped.net/https/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e7/Moscow_rally_24_December_2011_Sakharov_Avenue_14_14_19_crop.jpg/220px-Moscow_rally_24_December_2011_Sakharov_Avenue_14_14_19_crop.jpg)
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Ionradh na Rúise ar an Úcráin
- Toghchán Uachtaránachta na Rúise 2024
- Daria Marchenko, ealaíontóir as an Úcráin. Tháinig cáil uirthi nuair a nochtadh 'The Face of War' sa bhliain 2015, portráid de Putin. Rinneadh iarracht í a fhuadach níos déanaí.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Scríbhinn as agallamh ó Shamhain 2002; pléann sé leis an gceist an deachtóir nó daonlathach é Pútín Curtha i gcartlann 2004-08-30 ar an Wayback Machine (i mBéarla)
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Conchubhar Ó Dálaigh (27 MF 2022). "Tá an conradh neamhscríofa idir Putin agus pobal na Rúise thart, agus deireadh a réimis ar na bacáin < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-02-26.
- ↑ http://www.kremlin.ru/
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-05-04). "Dróin 'kamikaze' scaoilte le cathracha san Úcráin" (as ga-IE).
- ↑ europarl.europa.eu (19 Aibreán 2023). "Tuarascáil focal ar fhocal na n-imeachtaí" (en). www.europarl.europa.eu. Dáta rochtana: 2023-12-30.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-17). "Vótáil sa Rúis" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-18). ""Ag géarú ar an imní faoin Tríú Cogadh Domhanda" - Putin" (as ga-IE).
- ↑ "Mikhail Khodorkovsky" (as en) (2023-11-06). Wikipedia.
- ↑ "Mikhail Kasyanov" (as en) (2023-12-12). Wikipedia.
Roimhe bhí: Sergei Stepashin |
Príomh-aire na Rúise 8 Lúnasa, 1999—7 Bealtaine, 2000 |
Á Leanúint bhí: Mikhail Kasyanov |
Roimhe bhí: Boris Yeltsin |
Uachtarán na Rúise 31 Mí na Nollag 1999—7 Bealtaine 2008 |
Á Leanúint bhí: Dmítrí Meidveideiv |