Jump to content

Mícheál Ó Muircheartaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMícheál Ó Muircheartaigh

(2012) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Lúnasa 1930
Daingean Uí Chúis, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Meitheamh 2024
93 bliana d'aois
Ospidéal an Mater Misercordiae, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Droim Conrach Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBaile Átha Cliath
Gníomhaíocht
Gairmtráchtaire spóirt Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRaidió Teilifís Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Ba thráchtaire raidió agus teilifíse le RTÉ ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael é Mícheál Ó Muircheartaigh[1] (a rugadh i nDún Síon ar an 29 Lúnasa 1930 agus a d'éag ar an 25 Meitheamh 2024).[2][3][4][5] Thosaigh Ó Muircheartaigh ag obair sna cluichí mionúr ar dtús, ag labhairt as Gaeilge (cainteoir dúchais ba ea é). Tar éis tamaill, ghlac sé áit Mhíchíl Uí Eithir mar phríomh-thráchtaire ar RTÉ.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Mícheál Ó Muircheartaigh i nDún Síon, i bparóiste Dhaingean Uí Chúis i gContae Chiarraí sa bhliain 1930, an ceathrú as ochtar clainne. Mar a bhí coitianta sna laethanta seo, ní raibh raidió ar bith sa theach, ach fuair sé a chéad bhlas de agus é ag éisteacht le ceann de chuid na ndaoine béal-dorais sa bhliain 1939. Ó shin i leith, bhí sé faoi gheasa ag an raidió, agus guth Mhíchíl Uí Eithir ach go háirithe.

Tógadh ar fheirm a mhuintire é, agus d'fhreastail sé ar an scoil áitiúil sa Daingean.

Oideachas agus múinteoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Mí Mheán Fómhair na bliana 1945, chuaigh an Muircheartach isteach mar scoláire ag Coláiste Íosagáin i mBaile Bhúirne, cuid de Ghaeltacht Chorcaí.[6] Scoil lán-Ghaelach a bhí ann, áit ina oileadh é chun a bheith ina mhúinteoir. I mí Mheán Fómhair na bliana 1948, chuir sé tús lena bhliain dheireanach ag Coláiste Pádraig i mBaile Átha Cliath.

Ó thaobh a shlí bheatha laethúil de, bhain sé céim amach ó Choláiste Pádraig ní ba dhéanaí, mar aon le Baitsiléir Ealaíon ó Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Cháiligh sé mar mhúinteoir bunscoile ach I 1953, rinne sé an tArdteastas san Oideachas. Níos déanaí, mhúin sé eacnamaíocht, cuntasaíocht agus an Ghaeilge sna meánscoileanna ar fud Bhaile Átha Cliath, an chuid ba mhó dóibh faoi stiúir na mBráithre Críostaí. D’fhan sé sa ghairm seo go dtí na 1980idí, nuair a ghlac sé post lánaimseartha le Raidió Teilifís Éireann.

Craoltóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar Lá Fhéile Pádraig 1949, a rinne an Muircheartach a chéad tráchtaireacht raidió ar chluiche Gaelach, Craobh an Bhóthair Iarainn. Chuaigh seisean agus deichniúr eile ón choláiste – agus ó choláistí eile – go dtí Páirc an Chrócaigh chun triail tráchtaireachta dhéanamh ar chluiche iomána, cluiche ceannais Chorn an Iarnróid. Bhí orthu trácht cúig nóiméad den chluiche a dhéanamh as Gaeilge, agus ghlacfaí an duine ab fhearr le haghaidh obair tráchtaireachta eile as seo amach. Ní mó ná sásta a bhí sé ar dtús, Ciarraíoch a bhí gafa go hiomlán leis an chaid, agus nár chaith súil ariamh ar chluiche na liathróide bige. I ndeireadh na dála, rinne sé an beart agus roghnaíodh é mar tráchtaire rialta.[7]

Is beag Domhnach ina dhiaidh sin, go háirithe le linn Chraobh na hÉireann, nach mbíodh glór Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh le clos ar an raidió náisiúnta. Ag tús a ghairme mar thráchtaire, dhírigh sé ar na cluichí mionúir CLG amháin, ag cur na cluichí móra i láthair trí mheán na Gaeilge. Ghlacfadh sé ait a laoch Mícheál Ó hEithir anois is arís chomh maith, nuair a bhí seisean as láthair. Faoi deireadh, d’éirigh Ó hEithir as sna hochtóidí, agus tháinig sé isteach ina ait mar phromh-thráchtaire na gcluichí Gaelaí sa tír.

Chaith sé tréimhse sna hochtóidí freisin ag obair do Raidió na Gaeltachta agus bhí sé seal ag tuairisciú as Dáil Éireann.

Thar na blianta, chothaigh sé a stil aithnidiúil féin, ceann a chuaigh go mór i gcion ar éisteoirí - lucht leanta an CLG, agus muintir na tíre chomh maith. Aithnítear a ghuth sainiúil ar fud na tíre, ceann le blas mór an chainteora dúchas le cloisteáil ann. Bhí sé tógtha le gach uile ghné de chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael. Ba ghnách leis a bheith go síoraí ag bailiú eolais faoi na h imreoirí srl.[4]

In 2010 a chuaigh sé amach ar pinsean. Ar an 16 Meán Fómhair 2010, nocht sé go raibh sé ag éirí as an craoltóireacht. Shuigh sé sa bhosca tráchtaireachta don uair dheireanach i gcomhar cluiche ceannais peile na bliana 2010 ar an 19 Meán Fómhair 2010.[8][9]

Cúrsaí eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug sé tréimhse ina Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge agus thug sé an-tacaíocht i gcónaí do chur chun cinn na Gaeilge, do chlubanna Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre agus do na céadta dream eile.[3]

Deirtear go chuirfeadh sé isteach ar ainmniúchán d' Uachtaránacht na hÉireann sa bhliain 2011.[10] Chuir sé é féin as áireamh ar an 26 Lúnasa, agus é faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta. Dhearbhaigh sé nach raibh suim cheart aige san uachtaránacht ar chor ar bith ón tús, agus d'aontaigh sé smaoineamh faoi ar feadh tamaill.

Scríbhneoir ab ea Mícheál chomh maith. Foilsíodh a dhírbheathaisnéis From Dún Síon to Croke Park sa bhliain 2004. Ba mhinic peann á chur le pár aige i nuachtáin éagsúla.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Micheál Ó Muircheartaigh i mBaile an Mhuilinn tar éis aifreann i Séipéal Mhuire sa Daingean.[11]

Is iomaí gradam a bhain an Muircheartach amach i gcaitheamh a shaoil – Gradam Jacob's as a chuid tráchtaireachta don chlár Sunday Spor i 1992 agus Pearsa na Bliana i 1997 ina measc. Bhronn Ollscoil na Gaillimhe céim dochtúireachta oinigh ar an tráchtaire i 1999 mar aitheantas ar an tseirbhís fhada fhiúntach a bhí tugtha aige don chraoltóireacht. Bhronn Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath Bonn Bunaithe na hOllscoile ar Mhícheál Ó Muircheartaigh in 2007, bonn a bhronntar ar iarmhic léinn an choláiste a d’fhág a lorg ar a ngairm. Bhronn Oireachtas na Gaeilge Gradam Saoil air in 2011. Bronnadh airsean an t-aon ghradam All Star [sárimreoirí na bliana] a bronnadh in 2020 nuair a bhí an tír cuibhrithe ag paindéim an Chovid-19.

Tá cuimhne ar an Muircheartach as a ghlór sainiúil agus as a chur i láthair údarásach mar thráchtaire ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael ar an raidió agus ar an teilifís.[4] Ag Mícheál Ó Muircheartaigh a bhí an svae mar an té is faide a rinne tráchtaireacht bheo ó chluichí, ó 1949 go 2010. Chuir sé an pobal éisteachta faoi gheasa leis an stíl fhíorphearsanta a bhí aige agus leis an bpaisean a léirigh sé.[3][5]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Michael Moriarty" roimh 1945. Le linn a thréimhse i gColáiste Íosagáin a thosaigh sé ag úsáid an leagan Gaeilge dá ainm, Mícheál Ó Muircheartaigh.
  2. rip.ie. "fógra báis | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2024-06-28.
  3. 3.0 3.1 3.2 "‘Glór na nGael’ – an sárchraoltóir Míchéal Ó Muircheartaigh ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-25). Dáta rochtana: 2024-06-25.
  4. 4.0 4.1 4.2 Nuacht RTÉ (2024-06-25). "An tráchtaire CLG Mícheál Ó Muircheartaigh tar éis bháis" (as ga-IE). 
  5. 5.0 5.1 "‘Coinín ag fiach Sionnaigh ar fud Pháirc an Chrócaigh!’ – 10 ráiteas a léiríonn bua diamhair cainte Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-25). Dáta rochtana: 2024-06-25.
  6. “An t-iontas is mór a chonaic mé ag teacht go dtí geataí Choláiste Íosagáin ná na soilse geala.... Ní raibh le déanamh ach do mhéar a chur ar an gcnaipe agus bhí solas agat le titim na hoíche, b’iontach nua an rud é sin domsa.” (Tuairisc.ie)
  7. Bhí aithne aige ar dhuine de na báireoirí ón mbaile, an cúl báire Tadhg Hurley agus bhí an bua cainte agus an tseiftiúlacht sa gCiarraíoch óg le cúlra Thaidhg a thapú mar bhealadh ar a chuid tráchtaireachta
  8. Rinne sé a thráchtaireacht dheireanach ar Chluiche Ceannais Peile na hÉireann, i bPáirc an Chrócaigh ar an 19 Meán Fómhair 2010 nuair a bhuaigh Corcaigh ar an Dún, 0.16 le 0.15. Rinne sé an tráchtaireacht dheireanach ar an 30 Deireadh Fómhair 2010 ar chluiche faoi rialacha idirnáisiúnta idir Éirinn agus an Astráil. (Tuairisc.ie)
  9. Nuair a chuaigh an Muircheartach ar scor óna chuid dualgas tráchtaireachta, bhíodh sé le cloistint go rialta ar An Saol Ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta agus súil á caitheamh siar aige ar chluichí an deireadh seachtaine roimhe sin.
  10. Birthday tributes flow at O Muircheartaigh bash (2011-02-21). "'Voice of GAA' lauded at 80'". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-02-21. Dáta rochtana: 2024-06-25.
  11. Nuacht RTÉ (2024-06-28). "Na sluaite ag déanamh ómóis do Mhicheál Ó Muircheartaigh" (as ga).